Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 April 2019

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Socioeconomic Profile of the Seven Gaeltacht Areas in Ireland: Discussion

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Tagraím don cheist a luaigh an Cathaoirleach faoi na tascfhórsaí. Tá tascfhórsa ag feidhmiú anois i gceantar Carna. Chuir an t-údarás ceann ar bun ansin, tá ceann in Uíbh Ráthach agus tá ceann i gContae na Mí ach níl a fhios agam an bhfuil an obair críochnaithe go fóill. Tá obair na dtascfhórsaí sin an-tábhachtach. Chonaic muid na tascfhórsaí nuair a d'imigh cúpla ceann de na comhlachtaí móra thuas i bPáirc Ghnó Gaoth Dobhair agus chuir an t-údarás tascfhórsa isteach ansin roinnt blianta ó shin agus nuair a théitear suas ansin anois tá an beocht tagtha ar ais go dtí an eastát mar bhí sé dírithe ar cheist amháin. Obair an-mhaith a dhéanann na tascfhórsaí seo.

Tá ceisteanna a bhaineann leis an saol eacnamaíoch agus an saol sóisialta luaite sna pleananna teanga atá ag teacht tríd anois. Cloisim tráchtairí ag rá go bhfuil an obair seo uilig fágtha ag na pobail. Níl an obair seo fágtha ag na pobail agus ní ceart go mbeadh. Ba cheart go mbeadh ní hamháin muidne sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an t-údarás ag tacú leo le haghaidh a chuid maoiniú, a chuid gníomhaíochtaí agus a chuid spriocanna a chur i bhfeidhm ach go mbeadh na heagraíochtaí Stáit eile, ar nós an HSE agus Córas Iompar Éireann, ag tacú go bunúsach le cur i bhfeidhm na pleananna teanga. Má fheiceann muidne sa Roinn nó san údarás go bhfuil lúb ar lár ansin nach bhfuil an Státchóras ag tacú le cur i bhfeidhm na bpleananna teanga seo, ba cheart go mbeadh muidne ag tarraingt aird ar na ceisteanna sin. Tá ról an-láidir ag an Stát i gcur i bhfeidhm na bpleananna teanga agus tá an Bille teanga nua bainteach leis sin freisin. Bhíomar ag caint faoi seo cúpla seachtain ó shin ag cruinniú leis an gCathaoirleach. Beidh ionchur ansin agus beidh tionchar láidir ag an mBille teanga sin má oibríonn sé. Is Bille a bheidh tionchar fadtéarmach aige ar chúrsaí Gaeilge agus ar chúrsaí seirbhísí Ghaeltachta freisin. Má fheidhmíonn an coincheap sin atá istigh sa Bhille sin, ba cheart go dtacódh sé sin leis an gcóras pleanála teanga freisin.

Luaigh an Cathaoirleach cúrsaí fiontraíochta agus fostaíochta an údaráis. Tá na buiséid ag méadú. An sprioc a bhí luaite ag an údarás linne le roinnt blianta ná go mbeadh thart ar €12 milliún in aghaidh na bliana an cineál optimum a bhí aige leis an leibhéal foirne atá aige agus an obair atá sé in ann a dhéanamh. Tá an t-ádh linn go rabhamar in ann úsáid a bhaint as an airgead atá ag an Roinn Forbartha Tuaithe i mbliana freisin agus tá sé sin suas ag €15 milliún. Tá sé sin ag tabhairt tacaíocht bhreise do na ceantair Ghaeltachta. Tá a fhios agam go bhfuil an t-údarás ag díriú anois ar chuid mhór den airgead den bhunmhaoiniú a fhaigheann ón Roinn s'againne a chur i dtreo athnuachan a dhéanamh ar an bpunann maoinithe nó na foirgnimh atá aige, ionas go mbeidh siad feiliúnach agus ar fáil le haghaigh tionscadail a thagann go dtí an t-údarás because ceann de na dúshláin a bhí aige le cúpla bliain anuas was bhí comhlachtaí ag teacht chuige ach ní raibh foirgnimh feiliúnacha aige le tabhairt do na comhlachtaí sin. Mar sin, tá an t-údarás ag iarraidh infheistíocht a dhéanamh agus athnuachan a dhéanamh ar na foirgnimh seo ionas go mbeidh níos mó spáis aige le tairiscint do chomhlachtaí atá ag iarraidh lonnú sa Ghaeltacht agus tá sé sin tosaithe anois. Tá sé tábhachtach é sin a rá because b'fhéidir nach bhfeicfimid toradh na hoibre sin i mbliana nó an bhliain seo chugainn go dtí go mbeidh an obair sin déanta agus na foirgnimh sin curtha amach ar an margadh náisiúnta agus idirnáisiúnta. Is ansin a fheicfimid an toradh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.