Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 April 2019

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Socioeconomic Profile of the Seven Gaeltacht Areas in Ireland: Discussion

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Tagraím don cheist seo faoi na tithe folamha sa Ghaeltacht agus i gceantair tuaithe go ginearálta. Caithfear drilleáil tríd níos faide. Tá níos mó tochailt á dhéanamh taobh thiar de na staitisticí. Mar a luaigh an Dr. Ó Caoimh, tá cúinsí éagsúla a bhaineann le gach aon teach ansin. B'fhéidir go mbeidh cuid acu fágtha ag na tuismitheoirí ansin agus b'fhéidir nach dtagann daoine thart ach uair amháin sa samhradh ar feadh coicíse nó b'fhéidir uair chuile mhí ach beidh an clann ag iarraidh go mbeidh an teach fágtha ansin le húsáid ag daoine ón gclann a thagann thart ó na ceantair uirbeacha. Tá sé sin ann freisin agus bíonn drogall ar dhaoine cé go mbeidh teach fágtha agus ráite sa daonáireamh mar shampla go bhfuil an teach folamh. B'fhéidir nach bhfuil sé folamh i ndáiríre agus go dtagann daoine ann. Is athrú meoin a theastódh ansin, fiú dá mbeadh an straitéis seo pobalbhunaithe. Mar a dúirt an Dr. Ó Caoimh, caithfear úsáid a bhaint as na comharchumainn le haghaidh rud mar sin a eagrú. Bheadh athrú meoin ag teastáil i measc an phobail. Tá daoine a thagann abhaile chuig Conamara ar feadh coicís sa samhradh agus beidh siad ag iarraidh go mbeidh an teach fágtha ansin dóibh nuair a thagann siad abhaile. Tá sé an-deacair teach mar sin a ligean do chlann má chaithfidh siad imeacht sa samhradh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.