Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 April 2019

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Socioeconomic Profile of the Seven Gaeltacht Areas in Ireland: Discussion

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá sraith mhór fhada ceisteanna agam. Déileálann na chéad chúpla cheann déileáil leis an méid a bhí sa tuarascáil. Tá éacht déanta sa tuarascáil mar tá figiúirí os ár gcomhair gur féidir linn, sa bhreis ar an méid atá ráite ag an Teachta Ó Cuív, ár gcuid tuairimíocht a stiúrú maidir le cá háit atá na fadhbanna níos mó. Tá a fhios againn faoi roinnt gnéithe, ní tuairimíocht atá ann. Níl a fhios agam an bhfuil an tUasal Gleeson in ann an cheist seo a fhreagairt, ach nuair a rinne mise staidéar ar an tíreolaíocht san ollscoil, nuair a bhíomar ag déileáil leis an daonra nó an age profile, dá mbeadh an age profile atá leagtha amach anseo d'Árainn Mhór, mar shampla, os ár gcomhair, an rud a dúradh linn ná it was not a viable area anymore nó go raibh sé i ndainséar go raibh géarchéim tagtha agus nach raibh an pobal i lár baill ann chun cuidiú leis an bpobal a bhí ag éirí in aois. Tá géarchéim i dtrí áit nó b'fhéidir níos mó má fheictear ar na figiúirí d'Árainn Mhór ach go háirithe, nó Maigh Eo thuaidh ach ní hamháin na háiteanna sin. Féach ar líon na ndaoine atá thar 65 bliana d'aois. De ghnáth, nuair atá daonra den aois sin ann, bíonn siad ag brath ar an aoisghrúpa idir 25 bliana d'aois agus 44 bliana d'aois chun cuidiú leo agus chun seirbhísí agus a leithéid a thabhairt. An bhfuil tuairim ag an Uasal Gleeson maidir le viability nó an féidearthacht chun an bheocht a bheith sna áiteanna sin amach anseo?

Tagraím d'Uíbh Ráthach. Bhí an méid a bhí le rá ag an Dr. Ó Caoimh an-spéisiúil. Bhí sé ag rá nach féidir linn tascfhórsa amháin a bhunú chun déileáil leis na ceisteanna seo. Tuigim an méid atá á dhéanamh ag an Roinn maidir le ceantair pleanáil teanga agus a leithéid. Tá a fhios agam nach bhfuil orthu gach uile rud a dhéanamh agus go bhfuil Ranna eile ann. Más fíor an méid a dúirt an Dr. Ó Caoimh, nuair a d'éirigh chomh maith leis an tascfhórsa in Uíbh Ráthach, agus tá borradh ag teacht ann mar a léiríodh, an féidir linn cur leis an méid atá sna ceantair pleanála teanga ionas go dtuigeann siad gur tascfhórsaí iad chomh maith céanna chun gach duine a tharraingt isteach mar tá géarchéim i gceantair áirithe, cosúil le hÁrainn Mhór, cosúil leis na hoileáin agus cosúil le Maigh Eo thuaidh? Mura ndéanann muidne bogadh anois, i gceann cúig bliana beidh sé i bhfad níos deacra nó dodhéanta an taoide a chasadh, ach go háirithe daoine a mhealladh chun fanacht ann.

Cuireadh ceist le déanaí agus ardaíodh ceist ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath maidir le hathlonnú tuaithe nó rural resettlement agus tá a fhios agam go raibh sé ag obair ar feadh tréimhse ach an bhfuil éinne ag smaoineamh ar teaghlaigh Ghaelacha a mhealladh chuig na ceantair Ghaeltachta?

Rud a bhí spéisiúil sna figiúirí ná an líon tithe atá folamh. Níl a fhios agam cén cruth atá orthu mar feictear timpeall na tíre tithe atá folamh agus bheadh duine ag rá nach gcuirfeadh sé nó sí bó ná madra ann uaireanta. Ar Thoraigh mar shampla, tá 52 teach. Tá breis agus 50% de na tithe ar an oileán folamh. Ar Oileán Árann tá 173 teach fholamh. Ar Chléire fiú, áit atá daoine ag iarraidh lonnú go bhfios dom, tá 18 teach fholamha ann. An bhfuil aon scéim ann nó an féidir smaoineamh ar scéimeanna sa chruachás tithíochta ina bhfuilimid, chun na tithe seo ar fad a chur ar ais in úsáid agus teaghlaigh Ghaelacha, sé sin teaghlaigh le Gaeilge, a mhealladh isteach sna ceantair seo ionas go mbeadh beocht sna scoileanna, go mbeadh an dream atá in easnamh i lár baill ar ais ann, agus daoine atá imithe ar imirce a tharraingt ar ais agus cíos íseal a bheith acu agus a leithéid? Mura bhfuil scéim dá leithéid ann, an ndéanfadh an Roinn iarracht é a mhealladh as an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil mar is iadsan an dream atá i gceannas air seo? Níl an ráta imirce luaite so níl a fhios agam ach amháin go n-aithním, cosúil leis na baill eile, go bhfuil sé in easnamh.

Níl siad anseo ach b'fhéidir go bhfuil roinnt de na fadhbanna ag baint le hinfheistíocht sa Ghaeltacht thar na blianta. Tuigim an cruachás agus gach rud eile ach tá an buiséad caipitil a bhí ag Údarás na Gaeltachta ag fás arís ach de thairbhe teip thar na mblianta, tá na ceantair Ghaeltachta thíos leis an easpa airgid sin gur chóir go mbeadh ann. Conas ar féidir linn déileáil leis sin agus an t-airgead sin a mhealladh ar ais nó a mhealladh as pócaí an Taoisigh, nó ón Roinn nó ón Aire Airgeadais?

Tá an leathanbhanda luaite cheana ach cad iad na tograí eile atá ag teastáil chun déileáil leis an ráta ard dífhostaíochta sna ceantair? Bheadh na taskforces nó na ceantair pleanála teanga gafa leis sin. Má táimid ag iarraidh daoine a mhealladh ar ais, ní díreach tithe atá ann: tá postanna ag teastáil agus tá roinnt acu luaite ag an bhfinné maidir le Gaeilgeoirí ar ardchaighdeán ach go dtí seo bhí a lán de na postanna sin ag mealladh daoine as na ceantair Ghaeltachta, isteach sa Státseirbhís i mBaile Átha Cliath agus uaireanta téann siad ar ais ach bíonn an clann tógtha acu so ní bhíonn siad ag cur an oiread sin leis an daonra.

Tá sé deacair déileáil leis seo ann féin. Tá roinnt de na figiúirí as dáta cheana féin. Sin mar a bhíonn sé mar tá siad ag teacht ón census, fiú na rátaí dífhostaíochta ach glacaim féin nach bhfuil an fás as cuimse tar éis tarlú agus b'fhéidir go bhfuil siad tar éis titim siar ó thaobh an chéatadáin de. Nuair a fheictear ar roinnt de na ceantair, tá siad ar an taobh mícheart den líne dearg sa tuarascáil i ngach uile ceann de na indices atá ann. Luaigh an Teachta Pearse Doherty é agus luaigh baill eile é ach is iad na cinn ceannann céanna atá ann: Oileán Árann; Tír Chonaill, agus Maigh Eo thuaidh agus tuilleadh áiteanna nach iad. Is féidir dul tríd an liosta ó thaobh siúd atá dífhostaithe, atá bocht, atá leibhéal íseal ardoideachas acu nó ina bhfuil an age profile mícheart ann. Ní leigheasfar é ach cur chuige ceart a bheith ann.

Cuirfidh mé ceist amháin eile mar cuidíonn sé leis an méid atá ráite agam maidir leis an ráta cleithiúnaithe nó daoine aosta atá ag brath ar chlanna nó a leithéid sna ceantair ar fad. Baineann an dainséar is mó a fheicim i gceann cúpla bliain, agus tá sé ag tarlú cheana féin ní hamháin i gceantair Gaeltachta ach go háirithe tá sé lom díreach os ár gcomhair, le líon na ndaoine i gceantair iargúlta, gur aonaránaigh cuid acu gan a lán airgid mar nach bhfuil caighdeán mór oideachais acu, a bhfuil dífhostaithe nó ar phinsean agus gan ach fíorbheagán airgid, iad uaigneach agus gan a bheith ag cothú airgid sa cheantar. Daoine iad nach bhfuil aon airgead sa bhreis acu. Tá na bailte in aice leo ag brath orthu agus toisc nach bhfuil a lán airgid acu, tá na siopaí áitiúla ag dúnadh, tá an séipéal ann má tá siad ag dul ar aifreann agus a leithéid agus tá siad ag fáil báis, mar seo an dream is sine, an dream atá ag brath ar roinnt acu sin atá ag éirí sean iad féin. Tosóidh teip níos mó ar na ceantair, ní díreach ar na teaghlaigh seo, ach ar na ceantair Ghaeltachta sin agus dúnfar na tithe. Seo ceist faoi na ceantair tuaithe i gcoitinne ach tá muidne dírithe ar an nGaeltacht ach go háirithe. Tá géarchéim ann agus is éacht é an tuarascáil seo mar léiríonn sé an géarchéim agus screadann sé amach dúinne mar pholaiteoirí agus don tsochaí i gcoitinne go bhfuil géarchéim ann agus go gcaithfimid obair a dhéanamh go tapa. Fágfaidh mé ansin é.

Caithfidh na baill imeacht anois, ach an rud atá i gceist agam ná go ndéanfaimid tuarascáil ghairid. Impeoimid ar an Dáil plé a dhéanamh ar an tuarascáil seo nó ar cheist na Gaeltachta. Seachas plé amháin, cuirfidh mé ceist ar na baill eile nuair atá an coiste le chéile arís. B'fhéidir go ndéanfaimid díriú isteach ar na Ranna difriúla agus na seirbhísí agus iad ag teacht os ár gcomhair, ní hamháin ar cheist na Gaeilge mar tá coiste eile ag déileáil leis sin, ach cad atá siad ag déanamh ó thaobh tharrtháil na Gaeltachta de ionas nach bhfuil an brú ar fad ar an Roinn, a thagann os ár gcomhair go rialta. Tá dualgas ar na dreamanna eile agus seans gur féidir linn fuadar a chur orthu chun déileáil le roinnt de na ceisteanna agus na fadbhanna atá luaite ag na baill eile. An bhfuil aon fhreagraí?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.