Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 3 April 2019
Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Socioeconomic Profile of the Seven Gaeltacht Areas in Ireland: Discussion
Dr. Aodhán Mac Cormaic:
Luaigh an Teachta tionscal na mná tí nó na gcoláistí samhraidh. Aontaím leis. Déanann muidne sa Roinn infheistíocht de scaití níos mó ná €4 milliún sa tionscal in aghaidh na bliana. Scaiptear an t-airgead sin thar thart ar 700 mná tí. Cuireann na coláistí an méid céanna isteach ann. Le chuile euro a fhaigheann na mná tí ón Roinn, tagann euro eile, ar a laghad, ón gcoláiste. Tá airgead ann. Mar atá a fhios ag an Teachta, tá an t-airgead sin saor ó cháin. Sin ceann de na buntáistí atá ann. Má tá clann lonnaithe sa Ghaeltacht, tacódh sé sin leo sa samhradh. Táimid ag iarraidh, mar a luaigh an Teachta, fostaíocht d'ardchaighdeán a chur ar fáil don dream óg le go dtiocfaidís ar ais tar éis na céime ollscoile a bhaint amach.
Luaigh mé níos túisce na moil digiteacha atá ag an údarás. Sin cuid den phictiúr agus sampla den tacaíocht a chuireann an t-údarás ar fáil do thionscadail agus do chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht go ginearálta. Tá eastáit bheaga tionscadail curtha i go leor ceantar tuaithe ag an údarás. Ní gá go mbeidís istigh i gceantair uirbeacha sa Ghaeltacht, mar is ceantar tuaithe an chuid is mó den Ghaeltacht. Ag dul siar Bóthar Chois Fharraige, áit a bhfuil mise i mo chónaí, feictear comhlachtaí ar nós Aran Biomedical atá leathbhealach idir an Spidéal agus na Forbacha. Má théitear siar chomh fada leis an gCnoc, tá Mylan ann agus comhlachtaí eile timpeall na háite. Tá comhlachtaí i gCasla freisin. Ní fheictear comhlachtaí móra lonnaithe mar sin sa chuid eile den tír. Aontaím leis an Teachta gurb é sin an buntáiste atá againn sa nGaeltacht a eascraíonn díreach as obair Údarás na Gaeltachta.
Tá dúshláin ann. Níl aon dabht faoi sin. Tá dúshlán maidir le daoine óga a mhealladh ar ais go dtí an Ghaeltacht. Feiceann siad an saol atá acu sa chathair. Tagann go leor acu ar ais nuair a dhéanann siad cinneadh go bhfuil siad ag iarraidh socrú síos agus clann a thógáil. Caithfimid deiseanna a chruthú dóibh. Caithfidh go mbeidh fostaíocht ann dóibh nuair a dhéanann siad an cinneadh sin. Aontaím leis an Teachta go bhfuil dúshláin ann.
No comments