Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 April 2019

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Socioeconomic Profile of the Seven Gaeltacht Areas in Ireland: Discussion

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá eolas an-spéisiúil ann. Níl polasaí ann. Níl réiteach na faidhbe ann ach tá eolas ann. Ba mhaith liom cúpla rud a lua ón tuarascáil. Some figures are interesting. Bhí mé ag breathnú mar shampla ar Éireannaigh nach náisiúnaigh iad agus bhí mé ag cur dhá cheantar i gcomparáid lena chéile, ceantar Dhúiche Sheoigheach Thuar Mhic Éadaigh agus ceantar ar an Sáinneach, nó Conamara Láir mar a thugann na taighdeoirí air. Tá níos mó daoine a tháinig thar sáile isteach i nDúiche Sheoigheach agus níl mé ciníoch. Is é an rud a deir an méid sin liom go bhfuil níos mó fostaíochta i nDúiche Sheoigheach. Tá 7.4% i nDúiche Sheoigheach agus tá 4.4% i gConamara Láir. Nuair a bhreathnaím ar rannpháirtíocht san fórsa saothair, feicim 55.8% i nDúiche Sheoigheach agus 51% i gConamara Láir. Nuair a bhreathnaím ar fhórsa saothair ag an obair, is 90% atá i nDúiche Sheoigheach agus 73% i gConamara Láir. Má bhreathnaím ar dhífhostaíocht i measc an fhórsa saothair, is 9.6% atá i nDúiche Sheoigheach agus 26.2% i gConamara Láir. Má bhreathnaím ar mhíbhuntáiste, is -05 atá i nDúiche Sheoigheach agus -12.3 atá i gConamara Láir.

Cén fáth a bhfuil mé ag cur an dá cheantar sin i gcomparáid lena chéile? Táim á dhéanamh sin mar tá an dá cheantar an-scoite amach. Tá siad i bhfad ó gach uile áit. Tá daonra scaipthe iontu. Níl aon bhaile mór i gceachtar acu. Is léir ó gach uile theist go bhfuil ceann amháin ag déanamh níos fearr ná an ceann eile. Tagann sé seo go dtí ceist na pleanála agus ceist maidir le go leor rudaí. Cén fáth ar tharla sé seo? Tharla sé, i ndáiríre, trí thimpiste. Baineadh triail as cúpla miontionscal agus d'fhás cuid acu, péire go mór mór sa cheantar, agus d'fhás go leor tionscail bheaga astu. Is ollmhór anois é agus tá a rian le feiceáil, ach ní rud é a rinne pleanáil an Stáit nó na comhairle contae. Go deimhin féin, ní raibh siad i bhfabhar na rudaí a rinneamar nó a rinne muintir an cheantair nó na daoine a tháinig isteach a chuir fostaíocht mhór ar fáil.

Caithfimid ceist a chur ar an gcéad dul síos. An féidir gach rud a phleanáil nó an gcaithfimid ugach a thabhairt do dhaoine agus saoirse agus cead a gcinn a thabhairt dóibh? Táimid imithe craiceáilte ar phleananna. D'fhéadfaimid seomraí a líonadh le mionphleananna de cheantair, ach tá dearcadh difriúil agamsa ar an saol. An rud a theastaíonn ó ghnáthdhuine a bheadh ag iarraidh fiontraíocht a chur chun cinn ná bunseirbhísí. Fág fúthu ina dhiaidh sin. Cuir amach as a mbealach. Seo é an áit a dtagann polasaí mór an Stáit. Tá an Dr. Mac Cormaic anseo inniu, ach i ndáiríre tá sé sa chás céanna is a bhí ag Peadar nuair a cuireadh síos go hIfreann é ag déanamh cosaint ar Chonán Maol Mac Morna nuair a leagadh agus a maraíodh mac an diabhail.

Tá sé curtha ar aghaidh ag an Rialtas, agus gan aon chosaint aige ar rudaí nach bhfuil smacht ar bith ag an Dr. Mac Cormaic ná ag Aire orthu, is é sin le rá, dearcadh iomlán an Stáit atá frith-thuaithe. Má bhreathnaimid ar an gceantar seo, an chuid de atá istigh sa chathair nó an-ghar don chathair, ar nós gach uile áit atá gar do chathair, tá sé ag dul i bhfás, agus gach uile áit atá i bhfad i gcéin nó ar oileán, tá an daonra ag titim. Leis an fhírinne a rá, níor ghá don staidéar seo leis an méid sin a rá liom mar tá polasaí iomlán an Stáit níos mó agus níos mó dírithe ar na cathracha. Ní thuigim cén fáth mar tá na cathracha plódaithe cheana féin agus tá fadhbanna ollmhóra iontu. Ní gá ach breathnú ar chúpla cheann.

Níl ceist an leathanbhanda mar a bhí á rá anseo inniu. Bhí mé ag éisteacht leis an raidió Dé Domhnaigh seo caite agus is beag nár ghabh mé isteach mar shílfeadh duine nach bhfuil aon leathanbhanda amuigh faoin tuath. Lena cheart a thabhairt d'Eir, ní don Rialtas, níl ceantar beag tuaithe ar bith nach bhfuil leathanbhanda i gcuid den cheantar. An rud atá ann ná go bhfuil sé sa tríú nó sa cheathrú cuid den cheantar agus níl sé sa chuid eile, ach tá sé i gCarna, i gCorr na Móna, i dTuar Mhic Éadaigh agus mar sin de. Áit ar bith a raibh seanmhalartán ann ag Telecom Éireann, tá leathanbhanda ag dul ar thart ar 100 teach timpeall é. An fhadhb atá ann ná i gcuid eile de na tithe níl aon leathanbhanda, ach ceapann daoine nach bhfuil aon leathanbhanda taobh thiar den tSionainn nó taobh ó thuaidh de Ghaillimh, agus níl sé sin fíor. An rud a theastaíonn uainn ná go mbeadh leathanbhanda ag gach uile theach agus i ngach uile áit.

Níl aon seirbhís iompar poiblí agus ní chaitear dada ar iompar poiblí i go leor ceantair thuaithe. Mar shampla, má thógaimid an áit i mo Dháilcheantar a luaigh mé, Dúiche Sheoigheach, níl aon bhus poiblí ann, agus maidir le Conamara Lár, fágann an bus ar maidin agus tagann sé ar ais tráthnóna. Níl aon tacsaí sa cheantar atá fóirdheonach nuair a theastaíonn níos mó ná busanna fóirdheonaithe, agus is amhlaidh é sin le cuid mhaith pobail tuaithe. Is polasaithe pobail tuaithe iad seo, ní polasaithe Gaeltachta. Tá an plean spásúil náisiúnta dírithe go hiomlán ar chathracha agus ar bhailte móra.

Le seachtain anuas bhí mé thíos i bPort Láirge leis an gCoiste um Fhorbairt Tuaithe agus Pobail. Bhíomar in áit ar a nglaoitear Dunhill agus bhí caint ar fhorbairt tuaithe agus b’é an Coiste um Fhorbairt Tuaithe agus Pobail na Tithe seo a bhí ann. Mar a tharla, bhí cur i láthair ó bhainisteoir contae agus cathair Phort Láirge. Chaith sé an t-am ar fad ar fhorbairt ollmhór atá i gceist acu in oirthear na cathrach, ar theorainn Chontae Chill Chainnigh. Níor labhair sé ar aon rud eile. Níor labhair sé ar fhorbairt tuaithe ar chor ar bith.

Bhí mé ag cruinniú de Chomhairle Chontae na Gaillimhe an lá faoi dheireadh idir na feidhmeannaigh agus na Teachtaí Dála. I gcomhthéacs Conamara agus Gaeltacht Chonamara, ní raibh i gceist acu a fhorbairt ach an Cheathrú Rua. Má dhéantar é sin, tuigeann na finnéithe go mbeidh gach uile cheantar eile atá istigh sa staidéar seo, siar nó thuaidh ó, ag titim. Is de thoradh an phleanáil náisiúnta atá ar bun, tugtha síos go dtí an leibhéal áitiúil ag na comhairlí contae atá dílis do phleanáil an Stáit agus an rud atá ráite leo. Is é seo an bhrí atá siad ag baint as. Tá polasaí ag an gcomhairle chontae gan aon teach sóisialta a thógáil ar thalamh na ndaoine. Fadó, thabharfadh feirmeoir suíomh in aisce do mhac daoine sa cheantar ag an gcomhairle contae. Dúirt siad glan amach linne go bhfuil polasaí acu agus go raibh an Roinn Cumarsáíde, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil ag rá gan aon teach sóisialta a thógáil ar thalamh na muintire. Má tá ceantair Ghaeltachta bocht, mar shampla, agus tá na finnéithe ag rá go bhfuil, beidh daoine ag iarraidh tithe sóisialta. Má tá daoine ag iarraidh tithe sóisialta, cuirfear amach as an bpobal iad go dtí an Cheathrú Rua, go dtí an Clochán, go dtí Uachtar Ard nó áit éigin eile le teach a fháil. Sin bánú tuaithe in ionad clann agus dream a bheith ag dul ag an scoil agus na rudaí sin ar fad.

Baineann an chuid is mó den fhadhb seo le bheith amuigh faoin tuath seachas a bheith sa Ghaeltacht. Níl a fhios agam an bhfuil aon fhigiúirí ag na finnéithe le comparáid a dhéanamh le ceantair theorannacha mar a chéile atá taobh istigh den Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht, mar shampla, in iarthar Thír Chonaill, nó i gCorcaigh nó áit éigin. Tá mé ag caint ar cheann sa Ghaeltacht agus ceann taobh amuigh den Ghaeltacht a bheadh an suíomh fisiceach mar a chéile acu. Bheadh sé spéisiúil an chomparáid sin a dhéanamh.

Feictear domsa go bhfuil dhá bhuntáiste bheaga ag an nGaeltacht thar an nGalltacht tuaithe, in aghaidh an mhóir bhrú ón bpolasaí iomlán Stáit atá ag ceilt infheistíocht ar na ceantair thuaithe. Nílimid ag fáil leath an oiread infheistíocht in aghaidh an chloiginn daonra agus atá na cathracha. Deirtear, ach a mhalairt atá sé, agus an t-imchruth gur a mhalairt atá fíor, go bhfuil sé i bhfad níos eacnamaigh ó thaobh an Stáit de a bheith ag forbairt cathracha. Má bhreathnaítear ar na fíorfhigiúirí, Roinn ar Roinn, tá céatadán i bhfad níos mó den chaiteachas istigh sna cathracha, in aghaidh an chloiginn daonra aisteach go leor. An rud a bheadh spéisiúil a dhéanamh ná, mar a deirim, an chomparáid a dhéanamh idir an dá thaobh.

Feictear domsa go bhfuil dhá bhuntáiste mhóra ag an nGaeltacht. Tá struchtúr Údarás na Gaeltachta ann. Is údarás é atá i bhfad níos leithne ná mar atá Enterprise Ireland nó na local enterprise offices, LEOs, nó IDA Ireland, mar shampla, do na ceantair thuaithe taobh amuigh den Ghaeltacht. Déarfainn go bhfuil a rian sin le feiceáil, agus má aimsítear na figiúirí, bheadh an-iontas orm go ginearálta mura bhfeicfear go bhfuil forbairt níos fearr ag ceantair thuaithe Gaeltachta ná a d’fheicfí sa Ghalltacht. Mar is eol don Dr. Mac Cormaic, nuair a thóg an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ceannas ar fhreagracht as na hoileáin ar fad, b'fhearr i bhfad na seirbhísí a bhí ag na hoileáin Ghaeltachta ná na hoileáin Ghalltachta, agus bhí orainn iad sin a thabhairt aníos ar bhonn daonna. Mura n-aithnímid go bhfuil 80% den fhadhb seo ag baint leis an bpolasaí atá ag an Stát i leith ceantair tuaithe seachas le ceantair Ghaeltachta, ní réiteoimid an fhadhb, agus tá 95% de réiteach na faidhbe taobh amuigh de réim na Gaeltachta.

An dara buntáiste mór atá ag an nGaeltacht ná an teanga, mar is tionscal ollmhór é an teanga. Níl a fhios agam cén chaoi go gcomhairtear mná tí na Gaeltachtaí le bheithdífhostaithe nó fostaithe san aon áireamh. Go mór mór ó tharla nach bhfuil aon scrúdú maoiniú á chur air agus nach bhfuil aon cháin á gearradh air, seans nach bhfuil sé ag teacht aníos sna staitisticí, ach nuair a fhaightear amach faoi chaighdeán beatha na ndaoine sin agus faoin ioncam fírinneach atá ag na daoine, go hiomlán dlíthiúil, gheofar amach go bhfuil siad níos fearr as ná duine a bheadh ar jobseeker's allowance nó farm assist taobh amuigh den Ghaeltacht, ach seans nach bhfuil sé ag taispeáint sna staitisticí. Tá an-bhuntáiste ann agus bá ceart dúinn tógáil orthu sin.

Tá sé fíor an méid a dúirt an Dr. Mac Cormaic nach bhfuilimid tar éis dóthain a dhéanamh. Is é sin an fáth go raibh rian ann ar feadh scaithimh go gcaithfeadh an t-údarás a dhéanamh cinnte de go raibh 30% den chruthú fostaíochta bainteach leis an teanga ar mhaithe leis an teanga go méid áirithe. Bhí rud eile ann nár bhac siad leis ag an am, áfach, gur shin an acmhainn aiceanta ab fhearr a bhí acu mar ní fhéadfadh aon cheantar eile ar domhain dul i gcoimhlint leo sna tionscail sin. Bhí sé acu féin go hiomlán is go huile.

Ba mhaith liom díriú isteach ar cheist amháin eile. Tá figiúirí ag na finnéithe faoi chomhdhéanamh an daonra agus faoi mhíbhuntáiste. Tá comhdhéanamh an daonra sna ceantair thuaithe Gaeltachta go dona, go deimhin sna ceantair is láidir atá an teanga. Tá go leor daoine óga agus dóthain seandaoine ach níl mórán daoine idir eatarthu. Cén fáth é sin? Ceann de na fáthanna leis sin, aisteach go leor, ná b'fhéidir nach bhfuil ardoideachas ag na tuismitheoirí, ach go bhfuil céatadán oll-ard ar fad ag fáil céimeanna ollscoile agus cáilíochtaí níos airde.

Nuair a fheictear ar an bhfigiúr sin a bhí agam faoi na daoine ón taobh amuigh atá ag obair i, mar shampla, nDúiche Sheoigheach, d'fhéadfaí an cheist a chur cén fáth nach daoine áitiúla atá ag obair ann. Tá siad ag obair. Níl siad ag seasamh thart ar an dól. Cén fáth nár thóg daoine áitiúla na poist sin? Rinne muid suirbhé air seo. An fhadhb a bhí ann ná go raibh 70% de na daoine óga sa cheantar sin fiú fiche bliain ó shin ag fáil céimeanna ollscoile, máistreachtaí agus dochtúirí san áireamh, agus bhí ardscileanna acu ach ní raibh na jabanna ann dóibh. Ní bheidh na jabanna laistigh den Ghaeltacht do mhéid áirithe dóibh.

Céard é réiteach na faidhbe sin? Is é an réiteach ar chuid mhaith de na fadhbanna sin ná bóithre agus leathanbhanda. Táimid ag teacht ar ais ag an mbunstruchtúr agus ag an bpolasaí. Tháinig mise den chonchlúid, i bhfad siar in 1997 nó 1998, mura mbeimís in ann na jabanna a fháil do na daoine sin istigh sa Ghaeltacht, d'fhéadfaimís na jabanna a fháil i nGaillimh. Tá réimse i bhfad níos leithne de jabanna i gcathair na Gaillimhe. Tá comhlachtaí biomedical agus chuile shórt ann. D'fheil sé sin do na daoine a bhí againn - cuntasóirí, dochtúirí agus araile. Má theastaigh uainn go bhfanfadh na daoine sin i nDúiche Sheoigheach caithfeadh bóithre agus leathanbhanda den scoth a bheith ann. Bhí sé mar chuid den pholasaí Gaeltachta agus, mar is eol do Dr. Mac Cormaic, bhí polasaí bóithre straitéiseach ann le díriú isteach ar an gceist sin. Bhí muid ag iarraidh bóthar maith go Gaillimh agus go Cois Fharraige a thógáil agus ceann eile a thógáil ó Ghaoth Dobhair isteach go Leitir Ceanainn ar an mbunús go mbeidh rogha ag daoine fostaíocht a fháil sa Ghaeltacht nó dul ag an bhfostaíocht agus teacht ar ais tráthnóna. Táimid ar ais ag an mórcheist, is é sin, pleanáil.

Baineann an dara rud atá fíorspéisiúil le hoideachas tuismitheoirí i gceantair faoi mhíbhuntáiste istigh i gcathair agus sna Gaeltachaí. Dá bhfaighfí céatadán áirithe de phobal éigin i mBaile Átha Cliath a bhfuil easpa oideachais ag na tuismitheoirí agus dá ndéanfaí anailís ar an oideachas a fuair a gcuid gasúr i gcomparáid le gasúir tuismitheoirí a bhfuil an easpa oideachais céanna acu i gceantair Ghaeltachta faoi mhíbhuntáiste, d'fheicfí difríocht ollmhór. Éiríonn i bhfad níos mó de na gasúir tuaithe ardoideachas a fháil. Is í an fhadhb atá ann ná go bhfuil ag eírí leo sa saol agus go bhfuil na ceantair seo chomh buntáistiúil ó thaobh gasúr de. Faigheann siad sár-oideachas ach níl muid sásta jabanna d'ardchaighdeán a chur ar fáil sna ceantair seo mar pholasaí Stáit. Tá an cás ag eírí i bhfad níos casta. Nuair a thosaigh mise ag plé leis an nGaeltacht ceapadh dá gcuirfimís jabanna ar fáil, gan aon cur síos orthu, go réiteofaí an fhadhb. Thóg an staidéar trí age profile, oideachas agus fostaíocht san áireamh. Fág as an bhfostaíocht. Tá an age profile go dona mar, cé nach raibh oideachas ag na tuismitheoirí, fuair na gasúir oideachais. D'éirigh leis na ceantair sin rud a dhéanamh nár éirigh le ceantair faoi mhíbhuntáiste sna cathracha a dhéanamh. Déanann an béal bocht simplí seo dochar don Ghaeltacht because ní aithníonn sé mionchastachtaí an scéil a bhfuil muid ar fad ag streachailt leis. Mura n-aithnímid é sin, ní féidir plean a réiteach ná na cúinsí a chur i láthair le go dtiocfaidh forbairt ar na ceantair. Ní hé polasaí áitiúil an údaráis an fhadhb. Is é an fhadhb ná polasaí ollmhór an Stáit atá claonta go hiomlán in aghaidh ceantar tuaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.