Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 April 2019

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Socioeconomic Profile of the Seven Gaeltacht Areas in Ireland: Discussion

Photo of Pádraig Ó CéidighPádraig Ó Céidigh (Independent) | Oireachtas source

Aontaím leis an Teachta Doherty. Tá an ceart ag an Dr. Mac Cormaic. Is rud é seo atá níos leithne ná díreach a bheith faoin Stát amháin. Tá sé tábhachtach go dtiocfadh na Ranna éagsúla le chéile. Más féidir liom cúpla moladh ginearálta a dhéanamh. B’fhéidir go mbeifear in ann teacht tríd an gcoiste seo, Ceann acu ná go mbunófaí working group nó grúpa oibre a chuirfeadh doiciméad le chéile le go mbeadh teagmháil acu le Ranna Stáit éagsúla ó thaobh riachtanais sna Gaeltachtaí de. Tá cúpla rud an-tábhachtach. Tá sé an-deacair cead pleanála a fháil sna Gaeltachtaí agus tá a fhios ag na Teachtaí Doherty agus Ó Cuív faoina gceantair féin. Is é ceann de na ceisteanna is mó nuair a thagann daoine, constituents, chugainn go mbíonn siad á rá nach bhfuil siad in ann cead pleanála a fháil agus ní bhaineann sé sin leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Caithfear na bunchlocha sin a bheith ann. Is féidir leis an údarás dul amach agus a bheith ag iarraidh ar imircigh a theacht abhaile. Mura bhfuil an bonneagar acu sa bhaile, níl mórán pointe acu a bheith ag teacht abhaile. Caithfear é sin a chur le chéile i dtosach báire.

Rud eile a luaigh an Teachta Doherty ná positive discrimination. Rinneamar é sin ó thaobh Aerfort na Sionainne agus inner city development agus rudaí eile. Ceann de na míbhuntáistí a bhí ann ná gur leanamar ar aghaidh ró-fhada leo maidir le cuid de na buntáistí cánach a bhí ann nuair nach raibh siad ag teastáil. Ba chóir breathnú ar cheantair Ghaeltachta agus baineann sé seo leis an Roinn Airgeadais ionas go mbreathnófaí ar na constaicí níos mó agus níos deacra atá ann do phobail chun gnó nó SMEs a bhunú sa Ghaeltacht ná mar atá ag ceantair eile.

Mar shampla, maidir leis na SMEs uilig, chlis orthu nuair a bhí na fadhbanna eacnamaíochta sa tír seo agus sna tíortha eile. Bhí 80% díobh seo i gceantair lasmuigh de na cathracha móra. Four out of the five SMEs that failed during the recession were within regional Ireland, that is 80% of them. I ask, with the leadership of the údarás, the Cathaoirleach's lead and this committee's lead, that a structure of a focus-group might be put together to create a recommended policy document that goes across Departments to look at this. Health is another huge issue in the Gaeltacht region as both witnesses have highlighted in this document.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.