Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 April 2019

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Socioeconomic Profile of the Seven Gaeltacht Areas in Ireland: Discussion

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Fáiltím roimh an deis seo labhairt leis an gcoiste inniu faoin taighde a choimisiúnaigh an Seanadóir Ó Céidigh, le comhthéacs a thabhairt don phlé ar ball, agus léargas beag a thabhairt don choiste ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Mar is eol don choiste, ba é an Seanadóir Ó Céidigh i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Maigh Nuad, a choimisiúnaigh an taighde seo, a bhfuil sé mar phríomhaidhm aige eolas a chur ar fáil do na heagraíochtaí pobail atá ag tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú sna limistéir phleanála teanga Ghaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus, dar ndóigh, don Státchóras ar mhaithe le sonraíochtaí a fháil agus a thabhairt don Státchóras maidir le stádas eacnamaíochta an Ghaeltacht agus araile. Cé go n-aithnítear go léiríonn an tuarascáil na dúshláin mhóra atá le sárú maidir leis an nGaeilge sa Ghaeltacht, ní mór a thuiscint go bhfuil céimeanna praiticiúla á dtógáil ag an Stát chun feabhas a chur ar chúrsaí. Is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. Tá an straitéis á cur i bhfeidhm go córasach ag réimse páirtithe leasmhara, lena n-áirítear na Ranna Rialtais éagsúla, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta.

Ba mhaith liom ar dtús báire díriú ar an ról ríthábhachtach atá á imirt ag Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht. Mar is eol don choiste, is é Údarás na Gaeltachta atá freagrach as forbairt eacnamaíochta, teangeolaíochta agus cultúrtha na Gaeltachta, agus creideann an eagraíocht sin go bhfuil an cur chuige agus na straitéisí cuí aige chun tabhairt faoi na dúshláin éagsúla a shonraítear sa tuarascáil agus atá faoi chaibidil againn inniu. Tá sé mar bhunsprioc ag an údarás tacú leis na pobail Ghaeltachta agus forbairt a dhéanamh orthu, de réir an mhaoinithe a bhíonn curtha ar fáil don eagraíocht.

Caithfear an Ghaeilge agus pobal na Gaeltachta a chur chun cinn agus a threisiú chun pobail labhartha Ghaeilge níos láidre a chothú. Tá dúshláin mhóra leagtha roimh an eagraíocht agus tá sé ag feidhmiú le díocas agus le tiomantas a chinnteoidh go mbeidh neartú agus saibhriú na Gaeltachta mar thoradh ar a gcuid iarrachtaí. Beidh buiséad iomlán caipitil de €9.7 milliún á chur ar fáil ag an Roinn don údarás i mbliana le hinfheistiú a dhéanamh i mbonneagar fisiceach fiontraíochta agus gnó sa Ghaeltacht. Sa bhreis air sin, tá ciste €3.86 milliún curtha ar fáil don údarás faoin gciste um athghiniúint agus forbairt tuaithe, chomh maith leis an gciste faoi leith ar fiú €2 milliún do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin atá curtha ar fáil faoin gciste um fhorbairt fiontraíochta réigiúnaí. Fágann sé sin seo go mbeidh ciste caipitil os cionn €15 milliún ar fáil don eagraíocht in 2019, sin le hais níos lú ná €6 milliún trí bliana ó shin. Tá an Roinn cinnte mar sin go gcabhróidh an méadú suntasach ar an mbuiséad caipitil leis an údarás tacaíocht a thabhairt do na gnólachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus fostaíocht a chruthú do mhuintir na Gaeltachta dá bharr.

Aithnítear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go bhfuil gá le córas pleanála teanga a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ag leibhéal an phobail. Is tríd an bpróiseas pleanála teanga a thabharfar tacaíocht ar bhealach córasach, comhtháite don Ghaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair eile taobh amuigh den Ghaeltacht, áit a bhfuil tacaíocht á tabhairt ag an bpobal don Ghaeilge. Tugtar feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga in Acht na Gaeltachta 2012, áit a leagtar síos an próiseas faoina bhféadfaidh pobail i gceantair éagsúla aitheantas a bhaint amach mar limistéir phleanála teanga Ghaeltachta, mar bhailte seirbhíse Gaeltachta agus mar líonraí Gaeilge. Is trí phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ag leibhéal an phobail a thabharfar tacaíocht don Ghaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh i gceantair Ghaeltachta. Is é an cuspóir a bheidh ag na pleananna teanga ná cur le húsáid na Gaeilge sna ceantair lena mbaineann siad chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí teaghlaigh, pobail, oideachais, sóisialta, gnó agus poiblí.

Táthar i mbun na hoibre seo i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta le tamall anuas agus tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh. Tá ullmhúcháin pleananna teanga ar siúl ar fud na Gaeltachta agus sna bailte seirbhíse Gaeltachta. Faoi dheireadh na bliana seo chugainn beidh feidhmiú pleananna ar bun i ngach ceann den 26 limistéar. Cheana féin, tá breis agus deichniúr oifigeach pleanála teanga ceaptha agus i mbun oibre. Nuair atá an próiseas faoi lán seoil, beidh breis agus 30 duine fostaithe ó cheann ceann na Gaeltachta ag saothrú leo i gcomhar leis na pobail Ghaeltachta agus le cabhair leanúnach na Roinne agus an údaráis. Níl amhras ar bith ach gur dul chun cinn suntasach é sin agus go mbeidh an próiseas, agus é faoi lán seoil, mar thaca lárnach criticiúil do phobail Ghaeltachta na tíre.

Ní call dom a rá go bhfuil polasaithe agus bearta atá fianaise-bhunaithe ag croílár an phróisis agus ag croílár an chláir oibre trí chéile atá idir lámha ag an Roinn agus ag an údarás. Is fiú a lua sa chomhthéacs sin go bhfuil geographic information system, GIS, forbartha ag an Roinn agus ar fáil le breis agus trí bliana anuas. Tá fáil air ar an Ieathnach faoi leith ar shuíomh na Roinne a bhaineann le gnóthaí pleanála teanga. Rinneadh é seo a fhorbairt i gcomhar leis an Central Statistics Office, CSO agus páirtithe leasmhara eile. Faoin gcóras seo tugtar sonraí ann maidir le daonra agus úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ar bhonn limistéir pleanála teanga. Tugtar sonraí ann chomh maith maidir le rollú scoileanna Gaeltachta chomh maith le lonnaíocht seirbhísí luathbhlianta, agus is maith liom a fheiceáil go bhfuil úsáid bainte as an gcóras seo mar chuid den obair a bhí ar bun ag an bhfoireann taighde.

Is fiú a lua chomh maith go bhfuil béim faoi leith ar úsáid faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil sna treoirlínte pleanála teanga, a bhfuil eagrán 5 díobh foilsithe ag an Roinn le gairid. Foilsíodh an chéad eagrán díobh cúig bliana ó shin, agus mar atá ráite, tá béim faoi leith ann ar a thábhachtaí is atá sé go leanann na ceanneagraíochtaí pleanála teanga ag úsáid faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil mar bhunús ar a gcuid pleananna. Ní miste a lua chomh maith go bhfuil nasc ar an leathanach céanna chuig cáipéisíocht ábhartha an CSO agus foinsí eolais eile. Tá i gceist nasc a dhéanamh leis an gcáipéis seo atá déanta ag an bhfoireann anseo inniu, agus an nasc sin a chur ar an suíomh. Mar a luaigh an Seanadóir Ó Céidigh ar ball, bhíomar ag caint faoi seo taobh amuigh den doras agus feicimid go bhfuil deis anseo go n-oibreoimid as lámh a chéile ar mhaithe le tuilleadh sonraíochtaí. Beidh an fhoireann taighde ag obair ar chéim 2 den togra seo, agus feicim deiseanna don dá thaobh go n-oibreoimid as lámh a chéile ar mhaithe le tuilleadh sonraí a chur isteach sa chóras GIS agus tuilleadh sonraí a chur ar fáil go héasca do na pobail teanga sna limistéir Ghaeltachta. Is dul chun cinn maith a bheadh ansin dá n-éireodh linn é sin a dhéanamh.

Luaigh mé an clár tacaíochtaí pobail agus teanga de chuid na Roinne chomh maith. Nuair a luaitear an straitéis agus an próiseas pleanála teanga agus an chaoi a bhfuil an Roinn ag déanamh cúram díobh, is baolach go ndéantar dearmad scaití ar an gcistíocht shuntasach atá á cur chun fónaimh bliain i ndiaidh bliana mar a bhaineann sé le clár caipitil agus reatha na Roinne ó thaobh na Gaeltachta de.

De thoradh an chúnaimh seo, ar fiú breis agus €9.7 milliún é i mbliana, tá an Roinn ag leanúint ar aghaidh i gcomhar le páirtithe leasmhara eile chun bonneagar na Gaeltachta a threisiú tuilleadh. Leis an infheistíocht seo, táimid in ann raon leathan eagraíochtaí Gaeltachta a chumasú chun a gcláir oibre a fheidhmiú, chun leasa na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile. Luaim leithéidí Tuismitheoirí na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta anseo go háirithe, eagraíochtaí a bhfuil infheistíocht suntasach déanta iontu le bliain anuas. Tá i gceist leanúint leis an infheistíocht sin go ceann roinnt blianta.

Nuair a chuirtear tairbhe na hinfheistíochta atá á déanamh sa Ghaeltacht faoi scéimeanna na Roinne féin, gan trácht ar infheistíocht Údarás na Gaeltachta san áireamh, níl aon amhras ach go bhfuil go leor fostaíocht lánaimseartha agus páirtaimseartha á cruthú agus á cothú go díreach nó go hindíreach sa Ghaeltacht. Ní gá dom a rá, ar ndóigh, go bhfuil sé seo uilig ag tacú le fíorú chuspóirí na straitéise agus an Plean Gníomhaíochta 2018-2022 a foilsíodh i nGaoth Dobhair anuraidh.

Ní miste dom a mheabhrú don choiste go bhfuil forbairt na Gaeltachta mar réimse oibre faoi leith sa phlean gníomhaíochta. Mar sin, níl aon amhras ar an Roinn ach gur ar leas na Gaeltachta a rachaidh cur i bhfeidhm na mbearta sin agus bearta ábhartha eile an phlean. Tá thart ar 180 gníomh istigh sa phlean gníomhaíochta sin le cur i bhfeidhm ag os cionn 60 páirtí éagsúla agus tá an coiste monatóireacht ann le brú ar aghaidh leis an obair sin le déanamh cinnte de go mbainfimid na spriocanna atá ann amach. Ní miste a nótáil chomh maith, ach an oiread leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, go bhfuil leas na Gaeilge agus na Gaeltachta bainteach le raon leathan forais Stáit lena n-áirítear an Roinn, Údarás na Gaeltachta agus na Ranna Stáit eile, go háirithe na cinn a bhfuil tionchar mhór acu ar an nGaeltacht ar nós an HSE, an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus eagraíochtaí eile nach iad.

Os rud é go n-aithnítear gur mó an rath a bheidh ar chúrsaí má thugtar faoi ar bhonn comhpháirtíochta, tá spiorad na meithle i gcroílár ár gcuid iarrachtaí trí chéile mar Roinn. Fearacht polasaithe ábhartha eile Stáit a bhaineann go díreach nó go hindíreach le leas na Gaeilge agus na Gaeltachta is ea is mó dul chun cinn a dhéanfar má aithnítear go forleathan na freagrachtaí atá i gceist. Leis na tacaíochtaí seo agus an méid atá ar siúl agus beartaithe mar atá luaite agam, tá an Roinn muiníneach go bhfuiltear ag tabhairt aghaidh go céimnitheach agus go córasach ar na dúshláin atá roimh na ceantair Ghaeltachta agus, dá réir, ar na dúshláin is suntasaí atá le sonrú sa taighde atá mar ábhar an phlé seo inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.