Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael) | Oireachtas source

I dtús báire ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Roinn agus mo leithscéal a ghabháil faoi go bhfuilim giota beag déanach de bharr go raibh mé ag freastal ar chruinniú eile. Dúirt an tUasal O'Connell sa ráiteas tosaigh dá cuid go bhfuil easpa acmhainní ag an Roinn agus go bhfuil sé sin lárnach agus gur deacracht faoi leith é sin don Roinn. Cén sórt easpa acmhainní é sin? Ní dóigh liom go mbeadh breis airgid riachtanach má tá na daoine agus an líofacht sa teanga ann. Ní dóigh liom go bhfuil breis airgid i gceist. Cén easpa atá ann?

Seans go bhfuil freagra na ceiste seo tugtha ag an Roinn do mo chomhghleacaí níos luaithe. Cé mhéad duine, i dtuairim na Roinne, a bheadh ag iarraidh seirbhís a fháil trí Ghaeilge, go háirithe sna Gaeltachtaí, ach fiú amháin taobh amuigh de na Gaeltachtaí freisin, nach bhfuil ábalta í a fháil inniu? Cérbh é an toradh praiticiúil den easpa sin?

Cén easpa atá ann? An easpa airgid nó daoine atá i gceist? Déarfainn go bhfuil líofacht ag cuid mhaith daoine sa Roinn agus má tá an méid atá sa ráiteas tosaigh fíor, cé mhéad duine atá ag fulaingt nó daoine nach bhfuil in ann seirbhís a fháil trí Ghaeilge? Is cosúil go bhfuil na freagraí sin tugtha níos luaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.