Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Más rud é go gcaithfidh sé é a dhéanamh, déanfar é. Caithfidh mé a rá go bhfaighim sé deacair mar tá a fhios agam ceárd a tharlaíonn. Níl mise ag caint faoi theoiric. Suím i m'oifig. Bíonn feirmeoirí ag teacht go rialta as chuile chearn le fadhbanna talmhaíochta. Bíonn na foirmeacha i mBéarla ach déanaimid an plé ar fad i nGaeilge. Dá bhfeicfí na nótaí a bhíonn déanta agam, bíonn siad ar fad déanta i nGaeilge agam, mar is é an nós atá agam má labhraíonn duine Gaeilge liom, labhraím Gaeilge leis nó léi, is cuma céard atá ar a dtuairim. Is leis an nGaeilge a úsáid an rogha atá acu siúd nuair a thagann siad isteach ann mar tá siad níos compordaí inti. Nuair a thagann an t-oifigeach amach - ní bhaineann sé seo leis an Roinn seo amháin - is é an t-aon Roinn ar féidir a bheith cinnte go mbeidh an Ghaeilge acu nuair a thagann an t-oifigeach amach uaithi ná an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Is é rud eile nach dtuigim faoin gcás seo uilig ná go dtuigtear domsa go bhfuil i bhfad níos mó daoine le Gaeilge ag iarraidh dul isteach san oifig sna Forbacha ná mar atá d'fholúntais ann. Ní hamháin gur féidir le hoifig iomlán na Roinne sna Forbacha a bheith ag feidhmiú trí Ghaeilge ach fuair mé eolas cothrom le dáta, go bhfuil scuaine daoine ag fanacht le dul isteach sa Roinn sin-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.