Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe go léir. Bhí sé cabhrach agus tá siad ionraic, amach is amach. Gabhaim buíochas as freagraí an dá cheistneoir. Táimid ag iarraidh rudaí a chur i gcomhthéacs chun a shoiléiriú cén treo a bhfuilimid ag dul le chuile Roinn ó thaobh na Gaeilge de. B'shin an rud atá ar siúl againn. Is rud thar a bheith dearfach go bhfuil suim ag an méid sin daoine tuilleadh feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. Ag an am céanna is scéal diúltach freisin, bunaithe ar shuirbhé, go ndúirt 64% de na baill fhoirne nach bhfuil cumas ar aon leibhéal acu. Tá scéal dearfach agus diúltach anseo.

Ba mhaith liom díriú isteach ar an scéal dearfach go bhfuil 36% den fhoireann ag iarraidh tuilleadh feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge agus a gcuid gnó trí Ghaeilge. Tá sé sin tábhachtach agus dearfach agus is é freagra na Roinne an rud is tábhachtaí ó thaobh an ruda sin anois. Cad iad na céimeanna atá le déanamh ag an Roinn? An mbeidh an Roinn ar ais an bhliain seo chugainn ag rá go bhfuil Gaeilge acu agus ar a laghad go bhfuil cúrsaí déanta ag na daoine sin?

Is é an chéad rud eile go bhfuil freagrachtaí tromchúiseacha ar an Roinn seo agus ar chuile Roinn ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an Bille atá le teacht. Chuir mé na ceisteanna níos luaithe ar an Roinn cén sórt machnaimh atá déanta aici ó thaobh an Bhille atá le teacht. Faraor, bhí moill ar an mBille maidir le Breatimeacht. Ba chóir go mbeadh sé mar reachtaíocht anois. Beidh de dhualgas, ó thaobh cúrsaí earcaíochta, go mbeidh Gaeilge ag 20% de chuile dhuine a earcófar amach anseo. Cén sórt oibre atá déanta ag an Roinn agus cén sórt teagmháil atá aici leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus na Gaeltachta chun é seo a chinntiú?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.