Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 26 March 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
An bhfuil scrúdú caighdeánach Eorpach i gceist? Úsáidtear an scrúdú Eorpach do theangacha go forleathan trasna an Aontais Eorpaigh. Bunaithe air sin, is féidir a oibriú amach cé chomh feidhmiúil is atá duine trí theanga Eorpach ar bith. Is rud idirnáisiúnta é. Tá caighdeánú idirnáisiúnta á dhéanamh.
Gan é sin, ní mórán is fiú é ó thaobh seirbhísí a chur ar fáil don phobal. Nílimid ag caint faoi rud inmheánach don Roinn. Táimid ag caint faoi chustaiméirí atá i dteideal seirbhísí. Is é sin an rud atá á éileamh anseo tráthnóna inniu: seirbhísí, go mór mór dóibh siúd gurb í an Ghaeilge an chéad teanga agus an teanga is compordaí ina labhraíonn siad. Tá a leithéid ann, agus ní mar ornáidí atá an teanga ach mar uirlis. Mar a dúirt mé, dá mba rud é dá gcuirfí duine ar bith amach ag lucht labhartha na Fraincise agus gan ach rogha amháin aige nó aici, bheadh sé sin ina ruaille buaille agus ina rí rá sa Fhrainc. Glacaimid leis sin sa tír seo. Níl aon fhadhb. Cur duine éigin siar go Conamara agus bíodh an jab aige nó aici.
No comments