Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirtear gach cigire ag obair san áit ina ndeirtear leis nó léi a dul, agus tugtar cóid dó nó di. Má tharlaíonn go bhfuil Gaeilge ag duine, labhraíonn Ms Joyce Gaeilge leo agus an rud céanna i gcás an Bhéarla. Glacaim leis gurb é an Béarla atá i gceist i gcás 80%, 90% nó 95% de na daoine lena mbíonn sí ag déileáil i gContae Mhaigh Eo. Tá pócaí beaga de feilméirí le Gaeilge thart ar Choill an tSiáin agus Ceathrú Thaidhg. B'fhéidir go bhfuil beagáinín Gaeilge i measc na feilméirí san Eachléim. Tá fíorbheagán in Acaill. Is é sin an méid a bheadh ann. Glacaim leis go bhfuil formhór na hoibre atá á dhéanamh ag Ms Joyce i mBéarla. I gcás na Gaillimhe, is trí Ghaeilge a dhéanann 95% de na feilméirí ó na Forbacha nó ó Bhearna siar go Carna a gcuid gnó liomsa. Is é sin an méid atá mise in ann a rá. Tá Teachta eile anseo a bhíonn ag déileáil leo. Déanaim déileáil le go leor de na feilméirí sin. An bhfuil éinne ag rá le duine as an triúr le Gaeilge gur chóir dóibh dul amach chuig na daoine sin? Is í an Ghaeilge atá ag formhór an phobail feilméireachta ó Bhearna go Carna. Bheadh roinnt sa Dúiche Sheoigheach, i nDoire Bhó Riada agus in áiteanna mar sin. Tagann 90% den dream a thagann chugam, go mór mór na feilméirí a thagann chugam, ón stráice sin talamh. Tá go leor acu ann, ós rud é go bhfuil feirmeacha beaga acu, agus is Gaeilge atá acu. An bhfuil duine éigin ag an Roinn le Gaeilge le cur amach chuig na daoine sin? Má tá, ní fhaca mé riamh iad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.