Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Fan go bhfeicfidh tú an chuid eile den scéal. Tá eireaball eile leis an scéal seo. Tá an Roinn tar éis achomharc a dhéanamh in aghaidh an achomhairc. In ionad na Roinne a lámha a chur suas agus a rá go raibh sé seo thar a bheith mífhéaráilte, tá achomharc déanta aici in aghaidh cinneadh na hoifige achomharc féin. Ceist dhubh agus bán a bhí ann dar liom, go raibh a chearta bunúsach sáraithe uile. Mar a deirim, dá gcuirfí rud mar sin i nGaeilge ag formhór oifigigh na Roinne a bhí tar éis scolaíocht a fháil nach raibh an fear seo tar éis a fháil mar nach raibh aige ach an bhunscolaíocht, agus a chur i nGaeilge thar a bheith teicniúil é, déarfaidís nach dtuigeann siad é. Fós féin, tá an Roinn ag ceapadh go mba cheart dó siúd é a thuiscint.

An cheist atá agam ná, an léiríonn sé sin dearcadh tuisceana ceart i dtaobh na Gaeilge go bhfuil achomharc déanta ag an Roinn in aghaidh chinneadh na hoifige féin chun cothrom na Féinne a thaispeáint don fhear seo ar bhonn cearta teanga?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.