Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá tréimhse fada ann mar nuair nach dtuigtear cé chomh tromchúiseach is atá an cheist, tuigtear go bhfuil fuadar leis. Tháinig sé chugam agus rinne sé achomharc ar an mbunús nach raibh dóthain Béarla aige siúd lena thuiscint céard faoina raibh an cheist seo. Bhí sí casta ar aon chaoi. Níl a fhios agam ach déarfainn go bhfuil seans go bhfuil a fhios ag beirt de na baill agus an Cathaoirleach cén chaoi a n-oibríonn an nítrigin agus cé mhéad gur ionann caoirigh ó thaobh cur amach nítrigin agus bó nó beithíoch, tarbh agus go leor rud eile faoi bhun dhá bhliain agus mar sin de. Go dtí go bhfuair mise na figiúirí lá amháin ó Phort Laoise, ní raibh mise iomlán cruinn. An rud a tharla ansin ná rinne sé achomharc bunaithe ar an gceist nach raibh an Roinn féaráilte leis nuair a fuair sé gach eolas i mBéarla teicniúil chuige, agus mar a dúirt muid san achomharc, dá gcuirfí an rud ag oifigeach an Roinn a bhí ag an scoil ar feadh 14 bliana ag foghlaim na Gaeilge, i nGaeilge theicniúil, ní thuigfeadh sé nó sí é. Fós féin, bhí an Roinn ag súil go dtuigfeadh an duine seo i mBéarla fíortheicniúil céard a bhí i gceist. Leis an cheart a thabhairt don oifig achomharc, ghlac sí leis an achomharc. Tá an Cathaoirleach ag fiafraí céard faoin scéal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.