Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

An rud atá tugtha faoi deara agam le daoine sa Ghaeltacht ná, má tá rogha idir péire duine go bhfuil Gaeilge ó dhúchas nó Gaeilge an-mhaith aige nó aici, agus duine le Béarla amháin, roghnóidh siad an duine le Gaeilge. Mura bhfuil rogha acu, pléifidh siad i mBéarla leis an duine le Béarla mar níl aon rogha acu. Seo taithí gach aon duine atá ag plé leis an nGaeltacht. Níl aon cheist ann ach má chuirtear rogha iomaíoch, ceart ar fáil, roghnóidh siad an Ghaeilge. Is é an rud nádúrtha le déanamh. Tá fadhb ollmhór ann, mar shampla, leis na daoine a thagann amach go dtí na feirmeoirí. Is Béarla ar fad atá acu. Tá roinnt daoine i mo Dháilcheantar gur fearr i bhfad an Ghaeilge atá acu ná an Béarla atá acu agus is feirmeoirí formhór acu sin.

Bhí cás amháin agam a léiríonn an fhadhb. Bhí an feirmeoir seo ag fáil litreacha ag rá go raibh sé ag sárú na rialacha nítrigin, an treoir nó directive ón Eoraip maidir le nítrigin darbh ainm the nitrates directive. Deirim an fhírinne leis na finnéithe nár thuig sé i nGaeilge ná i mBéarla í. Níl mórán Béarla aige go deimhin ach níor thuig sé i nGaeilge ná i mBéarla céard faoina raibh an rud seo. Ní raibh sé ag úsáid leasú talún agus níor thuig sé gur bhain sé le líon na mbeithíoch agus líon na gcaorach a bhí aige. Bhí go breá agus rinne sé achomharc in aghaidh an pionós mar bhí sé seo ag dul ar aghaidh ar feadh cúpla bliain sular tháinig sé chugam-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.