Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Ms Eilís O'Connell:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as cead a thabhairt dúinn ceisteanna a fhreagairt i mBéarla. Cé go mbeidh mé ábalta an ráiteas tosaigh seo a léamh i nGaeilge, faraor, níl an caighdeán Gaeilge labhartha atá againn leordhóthanach chun bhur gcuid ceisteanna go léir a fhreagairt ná chun cur síos sásúil a dhéanamh ar obair na Roinne a cuid seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Gabhaimid buíochas leis an gcoiste as an deis seo a thabhairt dúinn casadh leis inniu. Bíonn suim againn i gcónaí sa Roinn feabhas a chur ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil agus is dóigh linn go mbeidh tuairimí an choiste seo luachmhar maidir leis sin. Tá mé cinnte go bhfuil a fhios ag an gcoiste faoin réimse leathan freagrachtaí atá leagtha ar an Roinn. Féachaimid leis na seirbhísí sin a chur ar fáil trí Ghaeilge nuair is féidir ach ar ndóigh, i bhfianaise na praiticiúlachta, mar fháil a bheith ar bhaill fhoirne a bhfuil an cumas cuí acu sa Ghaeilge chomh maith leis na scileanna riachtanacha a bheith acu le dul i mbun a gcuid ról, bíonn gá i gcónaí ár n-iarrachtaí a dhíriú ar na réimsí is mó ina bhfuil éileamh. Mar shampla, tá an fhoireann atá lonnaithe inár gcuid oifigí i gceantair Ghaeltachta, Ros an Mhíl agus an Daingean, ábalta réimse iomlán seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil. Ina theannta sin, tá trí phost, cigire talmhaíochta, sainithe chun seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil i Liatroim, Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Corcaigh agus Ciarraí, ach ar ndóigh is féidir leo dul chuig contaetha eile más gá.

Chun go mbeimid ábalta éilimh eile ar sheirbhísí trí Ghaeilge a shásamh, coinnímid liosta de na baill fhoirne atá sásta agus ábalta cuidiú le custaiméirí atá ag iarraidh seirbhís trí Ghaeilge. Tugtar ainmneacha na mball foirne ar an liosta seo atá ábalta an obair a bhaineann le sainréimsí gnó a chur i gcrích chomh maith le liosta de na baill fhoirne a bhfuil Gaeilge acu atá ábalta cuidiú sa chás is nach mbeadh ball foirne a bhfuil Gaeilge aige ag obair i réimse spéise an ghlaoiteora. Faoi láthair, tá 15 oifigeach ar an liosta sin agus tá an liosta sin ar fáil do na baill fhoirne eile ar fad ar fhaitíos go bhfaighidís glaoch i nGaeilge.

Ar an mbealach céanna, déanann an Roinn cinnte go bhfuil príomhcháipéisí agus eolas ar fáil i nGaeilge chomh maith le iad a bheith ar fáil i mBéarla. Tá cáipéisí mar ár ráiteas straitéise, tuarascáil bhliantúil agus, níos tábhachtaí fós, ár leabhar scéimeanna agus seirbhísí le fáil sa dá theanga.

Ba mhaith liom aird na gcomhaltaí a tharraingt ar ár gcuid preasráiteas. Táimid ag teannadh le foilsiú dátheangach 100% seachas an sprioc 20% a bhí leagtha amach. Shocraíomar an feabhas sin a dhéanamh mar go rabhamar ag iarraidh go mbeadh teachtaireachtaí tábhachtacha ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Bhíomar ábalta sin a dhéanamh áfach laistigh de na hacmhainní atá ar fáil dúinn agus is téama coitianta a bheidh sa teorainn sin. Cé go bhfuil suim ag an Roinn a cuid seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, tá srian orainn ó thaobh acmhainní, agus ní mór dúinn ár gcuid seirbhísí a chur ar fáil ar bhealach atá éifeachtach chomh maith le bheith éifeachtach ó thaobh costais de. Is éard is brí leis sin ná go gcuirimid na hacmhainní Gaeilge ar na réimsí ina bhfuil a fhios againn go bhfuil éileamh orthu in ord tosaíochta.

Ach an méid sin ráite, is dearcadh seachtrach luachmhar a bheidh i dtuairimí an choiste inniu dúinn. Tá sé thar a bheith tráthúil chomh maith, mar go mbeimid ag dréachtú an tríú scéim teanga faoi cheann cúpla mí agus beimid ábalta aon mholtaí a bhfaighimid inniu a bhreithniú go praiticiúil.

Mar a dúirt mé ar ball, tá Deirdre Joyce, duine de na cigirí talmhaíochta atá againn, anseo in éineacht linn. Is ball foirne í a théann i mbun cigireachtaí ar fheirmeacha agus dá bhrí sin tá sise ábalta seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil ar an bpointe boise do na custaiméirí. Dá mba mhaith leis an gcoiste, tá sí sásta cur síos a dhéanamh ar a bhfuil i gceist leis an bpost atá aici agus ceist ar bith atá ag na comhaltaí maidir le gnéithe praiticiúla na seirbhíse sin a fhreagairt.

Ba mhór an tairbhe dúinne réiteach don chur i láthair seo. Cé gur maith an rud é fios a bheith againn ar réimsí a bhfuil dul chun cinn déanta, bhí sé níos tábhachtaí fós eolas a fháil ar na réimsí ina bhféadfaimis déanamh níos fearr. Tuigim go mbeidh go leor ceisteanna ag na comhaltaí agus freagróidh mé féin agus mo chuid comhghleacaithe na ceisteanna seo chomh maith agus is féidir. Táim ag súil freisin go mbeidh moltaí ag an gcoiste agus geallaim go mbreithneofar na moltaí sin go cúramach nuair a bheifear i mbun pleanála ar scéim nua teanga na Roinne. Gabhaim buíochas leis na comhaltaí ar fad as éisteacht a thabhairt dúinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.