Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Os ár gcomhair inniu tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Gabhaim leithscéal leis na hionadaithe. Bhí siad anseo cúpla seachtain ó shin. Bhí an locht orainn. Ní raibh córam againn. Bhí sé drochmhúinte ach ní raibh aon éalú as an scéal. Tarlaíonn sé. I ndáiríre, b'shin an chéad uair a tharla sé. Gabhaim mo leithscéal faoi sin. Is iontach go bhfuil na hionadaithe ar ais agus nach bhfuil siad ró-fheargach linn.

Tá orm rud a léamh amach maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009 go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise seo acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina hainm, ina ainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Sin é mo chuid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.