Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 12 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Díospóireacht Scoile

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Bhí gach cur i láthair ar fheabhas. Molaim na finnéithe, gabhaim comhghairdeas leo agus faoi mar a dúirt an Cathaoirleach, bhí an caighdeán Gaeilge go binn álainn agus fuair mé a lán sult as a bheith ag suí anseo ag caitheamh ama taobh amuigh den Seanad ag éisteacht le polaitíocht fiúntach ach ní dhéarfainn é sin taobh istigh den Seanad.

Thug mé pointe eile faoi dheara. Anuraidh rinneamar ceiliúradh ollmhór istigh anseo ar chéad bhliain ó fuair roinnt de na mná anseo in Éirinn vóta. Ní bhfuair siad ar fad é ach fuair roinnt mhaith acu é. Ní minic a bhíonn mná ina tromlach sna seomraí coiste seo so tá sé iontach maith é sin a aithint agus tá sé sin tábhachtach fosta ag dul chun tosaigh. Molaim na finnéithe as sin.

Tagraím do na meáin shóisialta. Caidé barúil na bhfinnéithe faoi cad gur féidir le polaiteoirí agus Baill den Oireachtas a dhéanamh chun feabhas a chur leis na meáin shóisialta atá acu féin, taobh amuigh de ghrianghraif a ghlacadh de dhinnéarmar a luaigh an Teachta Ó Snodaigh? San áit seo, sílim go bhfuil na meáin shóisialta atá curtha ar fáil ag Tithe an Oireachtas iontach chun tosaigh ar institiúidí eile maidir leis an idirghníomhúatá siad ag déanamh leis an bpobal. Níl a fhios agam an mbaineann sin leis na finnéithe féin. An ndearna na finnéithe staidéar ar bith ar meáin shóisialta Thithe an Oireachtais? An féidir smaoineamh ar chúrsaí difriúla go bhféadfadh muid a dhéanamh chun dul i ngníomh ar dhaoine óga?

Luaigh an tUasal Nic Ruaidhrí ceist na cearta teanga ó Thuaidh agus an tubaiste atá ag teacht aniar aduaidh orainn ón mBreatimeacht a bhí á plé againn. Mothaíonn sé cosúil le achan lá eile atáimid ag déanamh plé ar an mBreatimeacht. Tá an t-Ollbhille ag dul tríd an Seanad faoi láthair. An féidir leis na finnéithe cur leis an mothúcháin atá sna Sé Contae faoin bhagairt atá ag teacht mar gheall ar an mBreatimeacht agus an easpa cearta agus reachtaíochta atá ar fáil sna 26 Contae nach bhfuil againne ó Thuaidh i dtaca le cearta na nGael, comhionannais pósta, cearta na mban agus a leithéid? An féidir leis na finnéithe cur leis an méid sin mar bhí mo chroí istigh sa mhéid a bhí le rá i dtaca leis sin agus tá sé iontach speisialta dúinn glórtha ó na Sé Contae a chloisteáil anseo mar bím cineál uaigneach istigh anseo liom féin. Tá sé ar fheabhas na finnéithe ó Ghaelcholáiste Dhoire a fheiceáil agus iad a chloisteáil fosta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.