Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 12 March 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Díospóireacht Scoile
Ms Cliodhna Ní Mhianáin:
A dhaoine uaisle, is mór an onóir dom bheith anseo inniu, le ceist fhíorthábhachtach a chur faoi bhráid an chomhchoiste. Is é sin an gaol idir an timpeallacht agus an fheirmeoireacht, go háirithe anseo in Éirinn, tír ina bhfuil an fheirmeoireacht chomh tábhachtach sin ó tháinig na chéad daoine ann.
Tá mise i mo chónaí i Sleacht Néill, ceantar beag tuaithe, le feirm de shaghas éigin ag beagnach gach teaghlach san áit. Níl orm ach m'fhuinneog a oscailt, go mbuaileann boladh breá na mbó mé. Má shiúlaim 30 slat síos an lána, feicim ba, caoirigh, capaill is cearca sna páirceanna thart timpeall orm. Is iomaí traenáil camógaíochta a cuireadh ar ceal i rith shéasúr bhreith na n-uan, nó maidin moch caite ag bleán na mbó amuigh sa scioból. Is iad seo cuimhní m'óige, agus ní thiocfadh liom mo shaol a shamhlú gan iad.
Tá a fhios agam nach bhfuil mé liom féin ach an oiread. Tá níos mó ná dhá thrian de mhuintir an oileáin ina gcónaí faoin tuath - figiúr suntasach i gcomparáid leis an mBreatain, mar shampla, áit nach bhfuil ach 2% den daonra ann sa chás céanna. Creid é nó ná creid, ach cuireann an earnáil seo níos mó ná €12 billiún leis an ngeilleagar agus fostaíonn sí 10% den daonra in Éirinn. Léiríonn sé seo an ríthábhacht atá leis an bhfeirmeoireacht sa tír seo.
Ar an drochuair, ní bhíonn gealán gan scamall. Tá beostoc freagrach as 33% de na gáis ceaptha teasa, rud is cúis le téamh domhanda. Tá sé seo níos mó ná carranna, eitleáin agus feithiclí eile san áireamh. In Éirinn, is táirgí mairteola agus déiríochta 70% den agraibhia a tháirgtear, ach tá iarmhairtí dochracha leis an earnáil áirithe sin. Easpórtáiltear ansin 90% den mhairteoil agus 85% den déiríocht thar sáile, ag cur arís leis an lorg carbóin. Tarraingítear leis seo an cheist: cé acu is tábhachtaí, leas na timpeallachta nó leas na bhfeirmeoirí?
Is cinnte gur cuid an-luachmhar de gheilleagar na tíre í an fheirmeoireacht. Tá sé iontach tábhachtach an tionscal dúchasach seo a chosaint agus a fhorbairt, ach caithfear an timpeallacht a chosaint fosta. Níor mhaith linn go mbeidh cothú ghlúin an lae inniu ag marú ghlúine an lae amáraigh.
Ar an lámh eile, áfach, cuireann an tAontas Eorpach, AE, deontais ón gClár um Fhorbairt Tuaithe ar fáil do phobail atá ag feidhmiú ar son na timpeallachta agus d'fheirmeacha atá ag feidhmiú go horgánach. Mar shampla, i mo cheantar féin, Carn Tóchair, tá feirm inmharthana pobail, tearmann dúlra agus seanchoill comhcheangailte i dtionscadal, a tharraingíonn aird ar an ngaol idir an timpeallacht agus an fheirmeoireacht. Trí mhaoiniú ón AE, tá daoine fostaithe ansin a dhíríonn ar an mbithéagsúlacht idir an dá ghnáthóg sin a fhorbairt.
I súile an ghníomhaí timpeallachta, is ábhar machnaimh é an Bhreatimeacht. Má chaithimid súil an fheirmeora ar an AE, áfach, feicimid gur tabhartas ó Dhia atá ann. D'achan €10 a shaothraíonn feirmeoir, íocann an AE as €8.70 de leis an Scéim Íocaíochta Aonair Feirme. An raibh a fhios ag an lucht éisteachta gan na deontais seo, ar an meán, go mbeadh ioncam an ghnáth-fheirmeora ar aon cheathrú d'ioncam an ghnáth-theaghlaigh eile? Gan an scéim seo, go bunúsach, bheadh ar na feirmeoirí a bpraghsanna a chur suas, d'imeodh na custaiméirí, bheadh siad gan ghnó, agus bheimid fágtha le hollfheirmeacha, go díreach cosúil le tíortha ar nós na Nua-Shéalainne.
Buntáiste eile a thagann leis an AE ná an Chomhbheartas Talmhaíochta, a chosnaíonn feirmeoirí agus an timpeallacht araon. Spreagann sé dea-chleachtas, monatóireacht, inmharthanacht na feirmeoireachta, agus go háirithe díríonn sé ar ard-chaighdeáin bia á iompórtáil agus a easpórtáil ón AE. Mar shampla, coisceann an AE sicín ó na Stáit Aontaithe a iompórtáil, mar gheall ar an dóigh a ghlantar le clóirín iad.
Sampla eile atá ann ná go bhfuil cosc orainn mairteoil a iompórtáil ó Mheiriceá Theas, óir is go bhfuil droch-chaighdeáin maireachtála ag na beithigh ansin.
Ach anois, le buama na Breatimeachta ar tí pléasctha, tá an-bhuaireamh go deo ar fheirmeoirí an Tuaiscirt go dtitfidh an tóin as na rialacha seo. Leis an dóigh a bhfuil an plé ag dul, tá an chuma air go dtarlóidh é seo. Bheadh impleachtaí uafásacha aige seo don earnáil talmhaíochta ar an dá thaobh den Teorainn mar go mbeadh gnáthfheirmeoirí in iomaíocht le hollfheirmeacha coimhthíocha a bheidh de phribhléid acu na praghsanna a ísliú. Cé gur rud tubaisteach é seo do mhuintir na hÉireann, síleann Rialtas na Breataine gur rud iontach í seo don phobal. Is í seo an áit a dtagann an dá cheist isteach: cé an rud is tábhachtaí anseo: praghas na dtáirgí nó slí beatha na bhfeirmeoirí?
A chairde, níl freagra simplí agamsa air seo, ná ag na polaiteoirí atá ag plé leis ó lá go lá, ach is cinnte go bhfuil roinnt céimeanna ar féidir linn uilig a ghlacadh le tacú leis an timpeallacht agus leis na feirmeoirí áitiúla. Ní mór dúinne, gnáthphobal na tíre, iarracht a dhéanamh níos lú feola a ithe agus í a cheannach go háitiuil, más féidir; caithfidh feirmeoirí aird níos fearr a thabhairt ar leas fadtéarmach na timpeallachta agus sa deireadh, is gá do na polaiteoirí, Thuaidh is Theas, cosaint chuí a thabhairt do gach páirtí.
“Is glas iad na cnoic i bhfad uainn”, a deir an seanfhocal, ach mura dtugaimid uilig, a chairde, cúram ceart don timpeallacht, ní glas ach liath a bheidh le feiceáil againn amach anseo.
No comments