Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 12 March 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Díospóireacht Scoile
Ms Fía Ní Chíosóig:
Dia daoibh go léir a chairde. Gabhaim buíochas leis an gcoiste a thug cuireadh do mo scoil, Coláiste Íde, chun labhairt leis faoi na meáin shóisialta.
Mar dhuine óg atá ar thairseach an domhain mhóir seo, tá an-mheas agam ar na meáin shóisialta. Is duine dearfach mé a chreideann go mór i ndul chun chinn agus dá bharr sin féachaim ar na meáin shóisialta mar bheannacht. Ar an drochuair, tá lear mór daoine a deir gur mallacht iad, de dheasca cibearbhulaíochta agus ábhar mí-oiriúnach a chuirtear in airde. Tuigim dóibh, ach fós, creidim go láidir sna meáin shóisialta. Bíonn gealas i lár na léithe i gcónaí agus inniu, is mian liom an gealas sin a chur os comhair an choiste.
Ar dtús, áfach, ar mhaithe le soiléire, cad iad na meáin shóisialta? Is gréasán idirnáisiúnta cumarsáide é. Is é sin le rá gur féidir teagmháil a dhéanamh le duine eile ar an dtaobh eile den domhan ar an bpointe boise. Mar is eol dúinn go léir, tá aipeanna ar leith ag baint leis na meáin shóisialta, mar atá Facebook, Twitter, Tinder, Pinterest agus Instagram. Is breá le daoine óga, agus daoine nach bhfuil chomh hóg sin, na haipeanna seo. Ní gá ach smaoineamh ar an Uachtarán Trump ar Twitter, mo ghraidhin é agus mo ghraidhin sinn go léir. Is sin scéal thairis, áfach.
Le linn dúinn an teastas sóisearach á dhéanamh ag an triúr againn i mbliana, is mór an chabhair iad na meáin shóisialta. Is suíomhanna staidéir iad Studyclix, Quizlet, Padletnach mbeimis in ann maireachtáil dá n-uireasa. Nuair is crua don chailleach, bíonn ár mamaí ar an guthán linn ar Whatsapp ag éisteacht linn ag gol faoi na réamhscrúduithe. Nó, níos fearr fós, bíonn an páipéar réamhscrúdaithe feicthe againn ar Instagram sula siúlaimid isteach sa scrúdú, rud atá an-úsáideach.
I ndáiríre, le cabhair na meán sóisialta, foghlaímid scileanna taighde ó aois óg atá de dhíth don ardteistiméireacht agus don ollscoil. Cuireann na meáin shóisialta lenár n-oideachas. Is beannacht cinnte é sin. Má theipeann ar Studyclix agus Quizlet, ámh, bíonn ár gcairde ar fáil sa bhaile againn i gcónaí ar na meáin shóisialta.
Faoi mar is eol don lucht éisteachta, táimid ag freastal ar scoil chónaithe. Is iontach an rud iad na meáin shóisialta agus sinn scartha ónár gcairde sa bhaile. Is féidir liom labhairt le mo chairde sa bhaile, nach gcím ó cheann ceann na seachtaine, coimeád suas le cúrsaí gnó agus cúrsaí domhanda, agus coimeád suas leis na Kardashians, más mian liom.
Deirtear gur trom an t-ualach an t-aineolas, agus is fíor é. Creidim go láidir go gcuireann na meáin shóisialta go mó lenár n-eolas, is é sin má bhaintear an t-eolas ceart amach. Leis an eolas atá againn ar an domhan inniu, de thoradh na meán sóisialta, tá an chumhacht againn an domhan seo a athrú, forbairt a dhéanamh agus cabhrú le daoine a chónaíonn i bhfad uainn. An mallacht é sin? An mallacht é forbairt agus dul chun cinn?
Tá na meáin shóisialta ag athrú an tsaoil. Tá comhlachtaí neamhrialtasacha cosúil le Amnesty Idirnáisiúnta ag úsáid na meáin shóisialta mar stáitse chun sárú cearta daonna ar fud na cruinne a thabhairt chun an tsolais. Sin é an gealas, a chairde.
Má bhaintear úsáid chóir as na meán shóisialta, is beannacht go huile is go hiomlán iad. Dul chun chinn dochreidte atá iontu má bhaintear úsáid chóir astu. Mar is eol dúinn ar fad, faraor, ní amhlaidh a bhíonn i gcónaí.
Cé orthu atá an locht ach ar na daoine atá á n-úsáid. Ní aip ná ríomhaire atá ag déanamh cibearbhulaíocht, ná ag bunú cluichí cosúil le Momo, ná ag cur ábhar mí-oiriúnach in airde. Cé orthu atá an locht ach ar dhaoine.
Admhaím go bhfuil an-chuid fadhbanna ag baint leis na meáin shóisialta, ach is le dearfacht, smaoineamh agus comhoibriú a leigheasfar na fadhbanna seo.
Le déanaí, tá an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, an Teachta Richard Bruton, tar éis tús a chur le plé ar Acht sábháilteachta ar an Idirlíon. Níl a fhios againn go díreach cad a bheidh san Acht seo ach tá coimisinéir sábháilteachta ar an Idirlíon le ceapadh. Deirtear go mbeidh cumhacht ag an gcoimisinéir iachall a chur ar chomhlachtaí meán sóisialta ábhar mí-oiriúnach a bhaint de na suíomhanna. Deirtear chomh maith go mbeidh an coimisinéir in ann fíneáil riaracháin a chur ar chomhlachtaí meán sóisialta gan a bheith ar an gcoimisinéir dul os comhair na cúirte. Braithim gur céim mhaith chun cinn é seo i leith sábháilteacht ar an Idirlíon. Mar a deir an seanfhocal: "Tús maith, leath na hoibre".
A dhaoine uaisle, mar bhaill den Oireachtas, beidh ról lárnach agaibh maidir leis an Acht seo, a gcuirfear faoina mbráid. Táim ag iarraidh agus ag impí orthu a chinntiú gur reachtaíocht fhiúntach a mbeidh ann agus go dtabharfaidh siad lántacaíocht do reachtaíocht a thabharfaidh níos mó cosanta do leanaí ar na meáin shóisialta. Cabhraigh linn, agus leis an óige agus le ceannairí an lae amáraigh. Cé nach bhfuil ionann inniu ach 20% den daonra, is 100% den todhchaí sinn. Tá tionchar ag tuairimí agus ag obair bhaill an Oireachtais ar ár dtodhchaí.
No comments