Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 12 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Díospóireacht Scoile

Mr. Naoise Mac Gearailt:

A chairde Gaeil, ar an gcéad lá de mhí Eanáir 1973 chuaigh Éire agus an Bhreatain isteach den chéad uair san Aontas Eorpach, mar a thugtar air sa lá atá inniu ann. Cad ina thaobh go ndeachamar isteach ann ar an gcéad dul síos? Bheartaigh Rialtas na tíre seo dul isteach ann ar mhaithe le heacnamaíocht na tíre a neartú, chun margadh níos mó agus níos fearr a fháil dár gcuid táirgí, chun saorghluaiseacht a bheith idir na tíortha, agus chun síocháin san Eoraip a chinntiú. I dtosach an chomhaontais seo, is mó cor is casadh a bhí ar an mbóthar. Tar éis na mblianta a chaith Éire faoi chois Shasana i stair na tíre, bhí an caidreamh eadrainn fós leochaileach.

D'imigh na mílte Éireannach go Sasana ar imirce ar thóir oibre sna 1950í agus sna 1960í agus ní i gcónaí a cuireadh fáilte rompu. Tá cloiste againn ar fad ónár sinsir faoin drochmheas a caitheadh le muintir na tíre seo. Mar bhall den Eoraip, áfach, bhí cearta dleathacha ag cosaint na n-oibrithe seo, cé acu Éireannaigh, Sasanaigh nó Francaigh iad.

Faraor, bhí cúrsaí polaitíochta suaite go maith idir Éire agus an Bhreatain, go háirithe de bharr cheist Thuaisceart na hÉireann. Bhí sé ina chogadh dearg, le foréigean, marú, buamáil agus sceimhlitheoireacht ón dá thaobh. Ní raibh cathair Bhéal Feirste á fógairt ag Bord Fáilte mar áit le saoire thaitneamhach a chaitheamh, faoi mar atá inniu. Thar na blianta, tríd an bpróiseas síochána, le cainteanna agus comhdhálacha, le díograis polaiteoirí ón dá náisiún agus ionchur ó Mheiriceá óna leithéidí George Mitchel, tháinig sámhnas agus síocháin go Tuaisceart na tíre tar éis shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta in 1998. Tháinig fás agus borradh ar eacnamaíocht an Tuaisceart, go háirithe i dtionscal na turasóireachta ó shin de dheasca na síochána. Faoi mar a luaitear i scéal ón mBlascaod, "is mairg a báitear le linn na hanaithe, mar tagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne".

As sin ar aghaidh bhí fás agus ag teacht ar an gcaidreamh idir Éire agus an Bhreatain. Bhíodar ag obair go síochánta as lámha chéile. Cuireadh fáilte mhór roimh Bhanríon Shasana Eilís II in 2011. Chomh maith leis sin cuireadh fáilte roimh Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn go Sasana in 2014. Is é an sampla is fearr den difríocht sa chaidreamh eadrainn, dar liomsa, ná in 2007 nuair a d'imir foireann rugbaí na hÉireann i gcoinne Shasana i bPáirc an Chrócaigh. Ba chomhartha den fheabhas ollmhór a tháinig sa chaidreamh idir Éire agus an Bhreatain an meas agus an t-ómós a taispeánadh d'amhrán náisiúnta Shasana sa staid chéanna inar mharaigh saighdiúirí Shasana 14 gnáthdhuine in 1920.

Bhí go maith agus ní raibh go holc sa chaoi is go ndearna muintir Shasana dearmad glan go raibh Teorainn ar an tír seo in aon chor agus iad ag teacht agus ag imeacht ar a shocracht mar aon leis na mílte Éireannach ag cur fúthu i Sasana agus ag éirí go breá leo ina gcuid oibre.

Ansin, ar 23 Meitheamh 2016, vótáil 51.9% den mhéid a tháinig amach chun vótála sa Bhreatain chun an Eoraip a fhágáil. As seo a d'eascair an Breatimeacht a bhfuil an oiread sin conspóide mar gheall air inniu. Tá spriocdháta 29 Márta 2019 ann don Bhreatimeacht ach tá rudaí trína chéile fós. Níl aon réiteach ag teacht leis an margadh imeachta tar éis an spior spear a rinneadh d'iarracht Theresa May i Westminster i mí Eanáir. Is é an cúlstad an chnámh spairne sna cainteanna faoi láthair ach cad atá i gceist leis an gcúlstad? Is é an cúlstad ná polasaí árachais atá ann chun déanamh deimhin de nach bhfuilimid ag filleadh ar na trioblóidí a bhí ann roimh 1998 de bharr na teorann crua. Bheadh rudaí ina gcíor thuathail ceart d'Éirinn, don Bhreatain agus don Eoraip más rud é go bhfágfadh an Bhreatain an tAontas Eorpach gan aon mhargadh. Tá comhlachtaí gluaisteán agus airgeadais ag tréigean na Breataine cheana féin.

An mbeidh scoláirí nó sinn féin ábalta freastal ar ollscoileanna sa Bhreatain agus mar an gcéanna do scoláirí na Breataine agus ollscoileanna na hEorpa?

Cad a tharlóidh do thionscal feirmeoireachta na hÉireann agus na Breataine má chuirtear cáin ar a gcuid táirgí? Cén mhoill a chuirfear ar a leoraithe agus iad ag taisteal ó Pháras go Londain agus ó Londain go Baile Átha Cliath, mar shampla? An dtitfidh an tionscal trádála as a chéile ar fad? An mbeidh an smugláil i mbarr a réime arís?

An dtiocfaidh an foréigean a mharaigh na mílte sna trioblóidí ar ais? An bhfuilimid chun an tsíocháin atá againn le breis is 20 bliain a chaitheamh san aer tar éis na móriarrachtaí a rinne John Hume, David Trimble agus mórán daoine eile ar son na síochána?

Anois tá an Breatimeacht ag cur é sin i mbaol. Chonaiceamar buamáil carr i nDoire i dtús na bliana seo fiú amháin. Tá neamhchinnteacht thar cuimse ag baint leis an mBreatimeacht ach dar liom tá cinnteacht amháin ann. Is é sin go raibh cúrsaí trádála eacnamaíochta agus síochána níos fearr leis an mBreatain san Eoraip agus sinn ag obair as lámh a chéile. Cén fáth an dochar sin a dhéanamh d'Éirinn agus don Bhreatain agus don Eoraip? Mar sin bheinn ag moladh do Theresa May seasamh suas agus an cinneadh ceart a dhéanamh do gach aon duine agus gan rith ón bhfadhb, mar a rinne David Cameron. Iarraim ar mhuintir na Breataine dearmad a dhéanamh den Bhreatimeacht agus fanacht san Aontas Eorpach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.