Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 12 March 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Díospóireacht Scoile
Ms Eimear Ní Thuathail:
A dhaoine uaisle, stair fhada le scéal casta atá ann nuair a dhéantar plé ar Éirinn, an Bhreatain agus an Eoraip san óráid chéanna. Is caidreamh deacair atá eatarthu. Bímid ag brath ar a chéile, agus ag an am céanna, cuirimid brú éagsúil ar a chéile.
Idir dhá thine Bhealtaine atá an gaol idir na Gaeil agus na Gaill le 800 bliain anuas. Ar feadh na gcéadta bliain is fáinne fí a bhí ann. Tóg, mar shampla, na Péindlíthe. Ag am na bPéindlíthe is fíorbheagán cearta a bhí ag muintir na hÉireann. Bhain na Gaill ár bhféiniúlacht uainn. Rinneadar iarracht ár dteanga álainn a bhaint dínn, teanga le beocht agus draíocht nach mbeidh ag an mBéarla go deo. Ba é seo an modh a bhí acu an lámh in uachtar a fháil orainn, ach buíochas le Dia de bharr chrógacht mhuintir na tíre, tá an teanga fós againn agus í ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas. Nuair a bhí an Bhreatain i gceannas sa tír seo, bhí smacht iomlán aici ar an talamh, ar na poist agus ar an gcóras oideachais. Diaidh ar ndiaidh bhí daoine cróga sa tír a rinne iarracht saoirse a bhaint amach. Is iomaí liosta atá ann de na laochra a bhí páirteach sa stair sin, in Éirí Amach 1798 agus 1916, gan trácht orthu siúd a bhí páirteach i gCogadh na Saoirse agus daoine eile, ina measc an tAthair Seán Ó Murchú, Searlas Stíobhard Parnell, Clarke, Ceannt, an Piarsach, Ó Conghaile, Pluincéid, MacDonagh, Mac Diarmada, de Valera agus an Coileánach. Ná déanfaimid dearmad ar na mná ina measc: Markievicz, Mabel MacGearailt, Linda Kearns agus Margaret Skinnider.
Ní féidir a shéanadh, ámh, agus muid in am an ghátair ag tús an chúlaithe eacnamaíochta sa bhliain 2008, gurbh iad siúd na daoine céanna sin, na Gaill, a tháinig i gcabhair orainn nuair a bhí orainn na billiún euro a fháil ar iasacht. Bhí aibíocht tosaithe sa chaidreamh eadrainn ar deireadh. Gan aon bhrú nó achrann ar bith thug siad €3.2 billiún ar iasacht dúinn. Is fiacha é atá nach mór aisíoctha anois againn, ach ag an am chinntigh sé go rabhamar fós in ann na seirbhísí poiblí uile a reáchtáil sa tír. Gan amhras, bhí ús le híoc ach gan an chabhair sin ní fheadar cad a bheadh tar éis tarlú sa tír seo.
Ag an am céanna bhí ár gcairde ón Eoraip ann chun airgead a chur ar fáil dúinn freisin agus chun cabhrú linn an tír a atógáil. Tháinig an t-airgead sin uathu, ámh, agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta le han-chuid coinníollacha. Níl aon dabht ach go mbeadh deacrachtaí airgid ollmhóra againn sa tír go fóill gan iad. Is malairt scéil do chaidreamh na Breataine linn a tharla, áfach, nuair a tháinig an Eoraip agus an Triúracht isteach ar bharr mhuintir na tíre. Ar feadh roinnt blianta ní raibh aon saoirse airgeadais ag Rialtas na hÉireann agus bhí sé faoi chois ag an dTriúracht. Ag an am bhí sé náireach. Thiocfaidís ar chuairteanna rialta le bheith cinnte go raibh a bplean á chomhlíonadh againn. Ní raibh duine ná deoraí anseo in Éirinn sásta, ach leo siúd tháinig athchoiriú ar na bainc, rud a raibh géarghá agus práinn leis. Mar aon leis sin, bhí geilleagar againn a bhí láidir, agus ceann atá anois láidir go leor chun fostaíocht a chruthú. É sin ráite, tá rian den uafás fágtha ina ndiaidh acu mar de bharr na gciorruithe ar fad, ní raibh aon tógáil sa tír ar feadh, nach mór, deich mbliana, agus anois cé go bhfuil feabhas tagtha ar gheilleagar na tíre, tá cruachás dídine againn sa tír. Deirtear go bhfuil nach mór 10,000 duine gan dídean. As an uimhir sin, deirtear go bhfuil aon trian díobh siúd ina bpáistí. Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil plean i bhfeidhm ag Rialtas na tíre ach d’fhéadfadh gach mac máthar a rá leis go bhfuil gá an plean sin a chur i bhfeidhm le luas lasrach.
Nuair a leantar leis an scéal casta atá ann idir Éirinn, an Bhreatain agus an Eoraip, tá scéal na saoirse tábhachtach, is é sin, saoirse taistil agus trádála. Tá pas aonair againn ar fad ach tagann siad ar fad leis an gclúdach burgúnach céanna a gheallann saoirse taistil idir na stáit Eorpacha ar fad. Is saoirse é seo a bhí mar fhís ag na stáit éagsúla nuair a bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Comhphobal a d’fhás agus a d’fhorbair go dtí an tAontas cumhachtach atá againn anois. Cé go bhfuil muintir na hÉireann sásta leis an tsaoirse agus an trádáil sin, is a mhalairt an scéil é lenár gcomharsana sa Bhreatain. Braitheann siad ualach uafásach leis an tsaoirse úd, le daoine ag teacht i dtír sa Bhreatain, agus tá ardú tagtha ar líon na n-inimirceach le blianta anuas, iad ar fad ar thóir saol slán, sábháilte le foscadh agus cúnamh uathu ón Eoraip. Ar chúis éigin, cuireann sé seo faitíos ar an ngnáthdhuine sa Bhreatain agus ní mó ná sásta atá siad i láthair na huaire leis an tsaoirse taistil nó a bheith mar chuid den chomhaontas trádála ach oiread.
Nuair a rinneadar vótáil chun an tAontas Eorpach a fhágáil ar an 23 Meitheamh 2016, bhí an-chuid deacrachtaí ann. Bhraith mé féin go raibh an Príomh-Aire David Cameron ag iarraidh stop a chur leis an bhféith chiníochais a bhí ag eascairt i measc grúpa áirithe sa Bhreatain. Ceapaim féin go raibh sé ag súil le tacaíocht a fháil ó na daoine a thuig an tábhacht agus an tsaoirse a bhaineann le ballraíocht den Aontas Eorpach. Ní mar sin a tharla, áfach. Bhí guth an-ard acu siúd a raibh faitíos orthu. Chuir siad leathfhírinní agus bréaga os comhair an phobail faoin saol idéalach a bheadh ann tar éis dóibh an tAontas Eorpach a fhágáil.
Anois tá buaicphointe sroichte againn. Tá dáta an Bhreatimeachta, 29 Márta 2019, ag druidim chugainn gan aon rud a bheith réitithe. Tá an cúlstad mar ábhar conspóide i láthair na huaire. Cheap an Príomh-Aire, Theresa May, go mbeadh sí in ann tromlach mór a fháil agus glaoigh sí olltoghchán i mí an Mheithimh 2017. A mhalairt a tharla. Bhí mionlach aici agus bhí uirthi tacaíocht a fháil ó pholaiteoirí an Pháirtí Aontachtaigh Daonlathaigh i dTuaisceart na hÉireann. Is mór an deacracht atá anseo mar tá stop á chur acu le gach uile phlean a thagann ón Eoraip mar nach n-aontaíonn siad leis an gcúlstad.
Cad atá in ann don tríúracht seo, Éire, An Bhreatain agus an Eoraip, ní fheadar? Is am conspóideach agus lán d’athruithe atá os ár gcomhair.
No comments