Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 12 March 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Díospóireacht Scoile
Ms Sinéad Ní Uallacháin:
Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste agus tá sé an-deas a bheith anseo agus mar a bhí an Uasal Ní Shuilleabháin ag rá tá sé an-deas freisin scata ó Chorca Dhuibhne a fheiceáil agus cé nach n-aithním na haghaidheanna, chím an culaith éadaí atá orthu agus culaith na pobalscoile. Is dócha go bhfuil scéal agam a bhfuil an-chosúil le scéal an Uasail Ní Shuilleabháin ar shlí, sa mhéid is go n-aithním anois na buntáistí a bhaineann agus a bhain leis an nGaeilge agus b'fhéidir nach rabhadar chomh soiléir sin dom nuair a bhí mé ag éirí aníos agus i mo dhalta scoile i Meánscoil na Toirbhirte i nDaingean Uí Chúis.
Nuair a chríochnaigh mé sa scoil ní raibh tuairim dá laghad agam cad a theastaigh uaim a dhéanamh liom féin, díreach mar a bhíonn amhlaidh ag scata duine nuair a fhágann siad an scoil, is é sin an ceart dóibh dul le A, B, C, nó D, bíonn an oiread sin cúrsaí, slite agus cosáin ann arbh fhéidir le daoine a ghlacadh. Bhí suim agam i gcónaí san ealaín agus a bheith ag tarraingt agus bheartaigh mé go rachainn go dtí an comhairleoir gairmthreorach a déarfadh liom cad a d'fhéadfainn a dhéanamh leis an ealaín chun jab ceart a bheith agam mar cloisim mo thuismitheoirí i gcúl mo chinn ag rá go mba ceart jab ceart a bheith agam agus á bhrú sin. Chuaigh mé go dtí an comhairleoir sin agus dúirt sé liom go raibh suim éigin agam san ealaín ach go raibh post uaim i ndeireadh an lae chomh maith, agus mhol sé dom cúrsa ailtireachta a dhéanamh. Dúirt mé liom féin, tá sé agam anois, agus chuir mé isteach ar an CAO agus d’éirigh liom áit a fháil sa DIT, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, ar Shráid Bolton i mBaile Átha Cliath agus chaith mé cúpla bliain ag gabháil leis an ailtireacht. Thaitin sé go mór liom agus bhí mé ag déanamh rudaí a bhí an-chruthaitheach, ach i ndeireadh an lae, i gcúl mo chinn bhí mé ag rá liom féin nach é seo a bhí uaim. Ní raibh mé iomlán sásta. Is é an rud is mó ná nach bhféadfainn mé féin a shamhlú mar ailtire i gceann cúpla bliain. Bhí a fhios agam go raibh cinneadh mícheart déanta agam. Chuaigh mé abhaile agus bhí olagón agam maidir le cad a bhí le déanamh agam i mo shaol. Bhí mo shaol agam i mBaile Átha Cliath, bhí cairde agam, thaitin an chathair go mór liom agus an rud ba mheasa ag an bpointe sin ama i mo shaol ná go mbeadh orm filleadh ar Chorca Dhuibhne agus jab a aimsiú ag baile. Bhí sórt pobal cruthaithe timpeall orm i mBaile Átha Cliath. Tá Aisteoirí Bulfin, cuir i gcás, grúpa drámaíochta atá lonnaithe san ardchathair agus atá thar a bheith gníomhach agus chuir mé aithne orthu siúd agus thosaigh mé ag plé leo agus tá cairde maithe móra agam dá bharr sin. Thug siad go leor spreagtha agus cúnaimh dom agus bhí siad ag insint dom mar gheall ar na jabanna éagsúla a bhí ann, dá mba rud é go raibh Gaeilge ag an duine i mBaile Átha Cliath sna ceanneagraíochtaí agus sna heagraíochtaí eile nach iad chomh maith.
Fuair mé amach go raibh jab rúnaíochta ar fáil le Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath, ag déanamh na n-íocaíochtaí, loganna ceoil agus obair riaracháin eile. Dúirt mé liom féin go raibh sé chomh maith agam cur isteach air. Scríobh mé litir, bhí agallamh agam agus d'éirigh liom an post a fháil. Is é sin an post atá agam go dtí an lá atá inniu ann. Bím ag plé le cúrsaí riaracháin lá i ndiaidh lae, ach tá buntáiste eile ag baint leis mar tá sé tar éis deis forbartha a thabhairt dom chomh maith. Tar éis cúpla bliain léirigh mé spéis i gcláir agus tugadh an deis dom cláir cheoil a chur i láthair. Le tamall anuas fuair mé áit ar phainéal de chlár-reachtairí, is iad siúd láithreoirí nó léiritheoirí a bhíonn ag plé le cláir. Dá bharr sin bím in ann roinnt oibre ó thaobh léiritheoireachta a dhéanamh chomh maith. Táim lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Tá dream atá cuíosach beag i mBaile Átha Cliath. Braitheann sé mar go mbíonn daoine ag teacht agus ag imeacht agus ar thaithí oibre ach tá tuairim is seachtar nó ochtar againn i mBaile Átha Cliath. Tá príomhoifigí Raidió na Gaeltachta, an ceannáras, lonnaithe i gCasla i gConamara. Tá oifigí lonnaithe timpeall na tíre chomh maith. In aice liom féin agus an Uasal Ní Shúilleabháin ag baile i gCorca Dhuibhne tá stáisiún ar Bhóthar na Léinsí agus tá roinnt daoine ag obair thíos ann. Bíonn daoine ag cur na ceiste i gcónaí ann nach gcuimhneofaí ar bhogadh abhaile nó cad ina thaobh nach bhféadfaí jab a fháil i mBaile na nGall seachas a bheith ag teacht go Baile Átha Cliath ag seilg jab. Tá oifigí ansin i gCiarraí agus sna Doirí Beaga i dTír Chonaill chomh maith. Táimid scaipthe timpeall na tíre.
Ó thaobh mo chuid oibre de, bím ag plé le cúrsaí riaracháin, cuid mhaith den am agus anuas air sin bíonn deis agam a bheith ag craoladh. Tá clár ceoil agam a chraoltar ar maidin i rith na seachtaine, ó Mháirt go hAoine, ó 10.15 a.m. go dtí 11 a.m. agus "Sinéad ar Maidin" an t-ainm atá air. Is breá liom é sin. Jab iontach atá ann agus ní bhraithim gur obair atá i gceist leis mar suím isteach sa stiúideo ar feadh 40 nóiméad gach aon lá, agus bím ag éisteacht le ceol a thaitníonn go mór liom. Is mór agam an deis é sin a dhéanamh.
Bím ag plé le cláir cúpla lá sa tseachtain a chraoltar idir 5 p.m. agus 6 p.m. agus "Tús Áite" an t-ainm atá air. Michelle Nic Grianna a bhíonn á chur i láthair. Is as Tír Chonaill don Uasal Nic Grianna agus tá sí tagtha anuas go Baile Átha Cliath le díreach cúpla mí. Tá sí linn ó thús na bliana ar fad agus tá sí ag déanamh go diail. Tá an clár dírithe ar chúrsaí nuachta agus reatha agus is drivetime show, i ndáiríre, atá ann, mar go craoltar é idir 5 p.m. agus 6 p.m. Bíonn sé sin ar siúl ó Luan go hAoine chomh maith agus bím ag gabháil leis sin.
Ag an deireadh seachtaine bím ag léiriú clár. Tá clár ag Blathnaid Ní Chofaigh agus "Bláthnaid Libh" an t-ainm atá air. Bíonn sí ag déileáil leis an iliomad ábhar ach is scéalta daonna den chuid is mó a bhíonn aici air. Bíonn painéal d'aíonna istigh linn, uair sa tseachtain, gach aon Satharn, ag féachaint ar na nuachtáin agus ar na scéalta a sheasann amach dóibh i gcaitheamh na seachtaine. Bhí an tUasal Ní Shuilleabháin linn cúpla seachtain ó shin agus beidh sí in ann labhairt leis na daltaí mar gheall air sin.
Tá deiseanna eile tagtha chugam chomh maith de bharr na Gaeilge san ionad oibre. Tá cara agus comhghleacaí de mo chuid, Siún Ní Dhuinn, a bhíonn i bhfeighil arrte.ie/chuntosaighgaeilge agus tháinig sí chugam tamall ó shin agus dúirt sí liom gur mhaith léi rud éigin a dhéanamh agus cad a déarfainn faoi phodchraoladh a chur le chéile, í féin, mé féin agus cara agus comhghleacaí eile dár gcuid, Áine Ní Bhreisleáin atá lonnaithe sna Doirí Beaga i dTír Chonaill. Dúramar go mbainfimis triail as mar go raibh podchraoladh agam féin, cad ina thaobh nach bhféadfadh sé a bheith againn chomh maith. Shuíomar síos agus bhíomar ag plé cad a fhéadfaimis a dhéanamh agus thángamar ar an gcinneadh go dtiocfadh an triúr dínn le chéile, go ndíreoimis é, go suífimis isteach i stiúideo le chéile agus go labhraímis go díreach ar na hábhair a bhfuil spéis againn iontu, ábhair an tsaoil chomh maith: bás, grá, caidrimh agus rudaí éagsúla, ach ar na rudaí a mbímid ag caint fúthu lá i ndiaidh lae nuair a bhímid ag plé cúrsaí an tsaoil eadrainn féin. Is air sin a dhíríomar agus thugamar "Beo ar Éigean" ar an bpodchraoladh mar tá sé réamhthaifeadta agus níl sé beo ar éigean. Chomh maith leis sin bímid uaireanta beo ar éigean freisin. Tá ag éirí an-mhaith leis agus tá aiseolas maith faighte againn ónár lucht éisteachta. Is féidir é sin a fháil ar iTunesagus ar Podcast Addictagus ar na hardáin sin ar fad a mbíonn ag díriú ar na podchraolta. Is deas é sin mar, cé gur obair atá ann, ag an am céanna is sórt faoisimh é i gcaitheamh na seachtaine. Deirim gur ar nós seisiún comhairleoireachta é nuair a thagann an triúr dínn le chéile agus go mbímid ag caint mar gheall ar na fadhbanna atá againn, agus ní i gcónaí a bhíonn sé diúltach, ach caint mar gheall ar na rudaí atá ag cur as dúinn. Bainimid an-taitneamh as sin.
Murach an Ghaeilge, ní bheinn san áit atáim i láthair na huaire. Cé go raibh an Ghaeilge againn ag baile agus go raibh mé ag labhairt na Gaeilge sna jabanna beaga fánacha a bhí agam nuair a bhí mé ag éirí aníos agus ag plé le hobair i mbialanna nó i siopaí go háitiúil i gCorca Dhuibhne, níor cheap mé riamh go mbeadh an Ghaeilge chomh lárnach i mo shaol is atá sí i láthair na huaire agus go mbeinn á húsáid lá i ndiaidh lae agus go mbeadh na buntáistí breise ar fad atá faighte go dtí seo cheana féin agam mar níor chuimhnigh mé ar an nGaeilge mar sin. Chuimhnigh mé ar an nGaeilge - ní fheadar an mar a chéile é leis na daltaí anseo - mar ábhar scoile agus go mbeadh orm teach mór liteartha nó pé rud a léamh ar mhaithe le cúrsaí scoile, leis an ardteistiméireacht nó leis an teastas sóisearach. Is iontach an rud é go bhfuil an t-iontas romham go bhfuil an oiread buntáistí sa bhreis faighte agam uaithi le cúpla bliain anuas. Ní fheadar ag éinne cad atá romhainn ar fad amach ó thaobh na Gaeilge de sa todhchaí. Tá súil agam go leanfaidh na mic léinn anseo léi a agus go dtabharfaidh an chaint uaim féin, ón Uasal Ní Shuilleabháin agus ón Uasal Ó Scanaill spreagadh éigin dóibh chun é sin a dhéanamh.
No comments