Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 6 March 2019
Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Thosaigh mé ar an bpróiseas seo an chéad uair ina raibh mé mar Aire Stáit sa Roinn seo. Bhí na comharchumainn breá sásta go raibh méadú tagtha ar an airgead sin don chéad uair i ndeich mbliana. Aontaím go bhfuil an méadú sin ag teastáil. Gabhaim comhghairdeas leis na hAirí, na Teachtaí McHugh agus Madigan, as ucht an airgid bhreise a bhaineadar amach. Is ceist do bhord an údaráis í conas a rinneadh leithdháileadh ar an airgead sin. Faigheann an t-údarás moltaí ó fheidhmeannaigh an údaráis sa chomhthéacs sin. Tá a fhios agam go bhfuil costais na gcomharchumann ardaithe. Gach uair a bhuailim leo, deireann siad liom nach mbíonn na hacmhainní acu uaireanta chun a gcuid billí a íoc. Cuirim fáilte roimh an méadú atá tagtha ar an airgead atá ar fáil dóibh i mbliana. Tá súil agam go mbeidh siad ag lorg níos mó airgid sa bhliain 2020. Cé nach bhfuil mé in ann aon rud a rá faoin chéad bhuiséad eile, is féidir liom a dhearbhú go mbíonn breis airgid á lorg againn i gcónaí do rannóg na n-oileán.
No comments