Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 March 2019

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Buíochas le Dia, tá na poist ag fanacht i nGaillimh. An bhfuil Údarás na Gaeltachta ag fáil an méid airgid a bhfuil sé ag iarraidh? Níl, ach tá sé ag fáil airgead suntasach agus bhí ardú suntasach i mbliana ó thaobh an mhéid airgid a cuireadh ar fáil dó. Fuair an t-údarás breis airgid i dtaca le hathbhreithniú an bhuiséid 2017, agus fuair sé breis airgid arís in 2018 agus in 2019. Aon airgead atá ar fáil tríd an bpróiseas athbhreithnithe buiséid, nó airgead gur theip orainn a chaitheamh sa réimse caiteachais, cuirimid an t-airgead sin ar fáil don údarás. B'shin an fáth a bhfuaireamar €500,000 maoiniú reatha chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chomharchumainn.

Is ardú suntasach a theastaíonn ó na comharchumainn ar na hoileáin agus sa Ghaeltacht é sin. Táthar in ann an €700,000 nár chaith mo Roinn in 2018 a thabhairt ar aghaidh go 2019. Beidh buiséad iomlán caipitil de €9.7 milliún ar fáil don Roinn in 2019. Beidh airgead breise ar fáil, mar shampla €2 milliún ó chiste réigiúnach an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta. Beidh airgead ag teacht ón Roinn Forbartha, Tuaithe agus Pobail freisin. Beidh níos mó ná €12 milliún ar fáil don údarás in 2019 chun obair a dhéanamh ar tograí trasna na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.