Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 March 2019

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Breis ar chuir an t-údarás fáilte roimhe. Bhí sé sásta agus fuaireamar, mar is eol don Teachta breis airgid freisin ó chiste na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail chun leanúint ar aghaidh le tograí cosúil leis an GTech sa Spidéal agus mar sin de. Tá an Rialtas ag comhoibriú lena chéile chun acmhainní a chur ar fáil d'eagraíochtaí Stáit ar nós Údarás na Gaeltachta. Foilsíodh na figiúirí ó thaobh post ag tús na bliana agus bhí ardú ar na huimhreacha.

Tá a fhios agam go raibh scéal fada maidir le HID Global agus níl mé ag cur aon mhilleán ar Údarás na Gaeltachta mar go ndearna sé gach uile rud i gceart. Is comhlacht príobháideach é HID Global a rinne cinneadh, agus rinne an t-údarás gach rud a bhféadfadh sé a dhéanamh chun HID Global a choimeád sa Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.