Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 March 2019

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Aontaím leis sin mar is féidir le haon cheist eile a dhéanamh neamhspleách agus arís, ar an talamh tirim.

Is é an dara rud ná go gcloisim go bhfuil ganntanas airgid fós ag Údarás na Gaeltachta. Céard atá ar bun lena dhéanamh cinnte de go mbeidh dóthain airgid caipitil ar fáil le go mbeidh an t-údarás in ann na tograí ar fad a mbeadh tairbhe ag baint leo a chur chun cinn? Tá sé seo ag éirí thar a bheith práinneach i gcomhthéacs an rud a tharla do HID Global agus rudaí mar sin. Tá a fhios agam nach raibh neart go pearsanta ag an Aire Stáit air sin, ach é sin ráite, tá gá le fostaíocht sa Ghaeltacht agus ní deas an rud é go mbeadh an t-údarás ag rá le mo leithéidí gur bhreá leis é seo a dhéanamh, ach tá brú airgid air. An bhfuil an t-údarás tar éis an airgid ar fad a bhí ag gabháil dó go dtí seo i mbliana a tharraingt anuas?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.