Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 March 2019

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

-----tá beatha agus slí mhaireachtála ag daoine i gceist anseo. Mar a deir an seanfhocal: "Mair, a chapaill, agus gheobhaidh tú féar." Seans nach mbeidh féar ar bith ann sa chás seo.

Caithfidh mé a rá agus feictear domsa gurb éard atá ag tarlú ná go ndéantar staidéar, agus ansin déantar staidéar eile, agus fós staidéar eile, agus ansin go ndeirtear go gcaithfimid staidéar eile a dhéanamh. Ag an am céanna níl tada tarlaithe. I gcás Inis Oírr tuigeann an tAire Stáit an chontúirt. Níl aon tonnchosc ar chuan na cé agus nuair a tharlaíonn an aimsir a bheith go dona, tá baol uafásach go gcaithfear daoine isteach san fharraige.

Tá an tAire Stáit ag rá go dtosóidh sé sin in 2020. An é sin an ché leis féin, nuair a bhí caint éigin ar áit a réiteach le haghaidh busanna agus trapanna agus rudaí mar sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.