Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 March 2019

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, tá sé leagtha amach sa phlean forbartha náisiúnta. Tá an obair ag dul ar aghaidh. Tá comhairleoirí á bhfostú. Tá cainteanna ag dul ar aghaidh le Comhairle Contae Dhún na nGall. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil próiseas ann ó thaobh a leithéid seo de thogra. Caithfimid leanúint ar aghaidh le gach uile chéim go dtí go bhfuilimid in ann tairiscintí a lorg agus conraitheoirí a chur ag obair. Caithfimid dul tríd an bpróiseas, so níl mé in ann a rá cén uair a thosóidh an obair sin ar Thoraigh. Ó thaobh Inis Meáin de, bhí an Teachta ag plé leis an gcúpla céim sa Chaladh Mór. Tá an tríú céim de mar chuid den phlean forbartha náisiúnta. I láthair na huaire tá Comhairle Contae na Gaillimhe i dteagmháil le páirtithe leasmhara chun tuiscint a fháil ar na tosaíochtaí don togra sin. Gabhfaidh an tuiscint sin le moltaí mo Roinne maidir leis an bhforbairt. Táthar ag súil go mbeidh críoch leis an bpróiseas sin go gairid agus go mbeifear ábalta dul i dtreo iarratas ar chead pleanála ina dhiaidh sin. Mar is eol don Teachta, tá mo Roinn ag íoc as innealtóir do Chomhairle Contae na Gaillimhe. Tá an t-innealtóir sin ag obair sa Chaladh Mór agus ar Inis Oírr chun dul ar aghaidh leis na tograí tábhachtacha sin. Mar a dúirt mé, táthar ag dul i dtreo iarratais ar chead pleanála don Chaladh Mór. Beidh obair le déanamh roimhe sin ach tá an próiseas ag leanúint ar aghaidh. Ó thaobh Inis Oírr-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.