Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 6 March 2019
Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá ceisteanna ullamh agam. Ní cóir go mbeadh aon imní ar an gCathaoirleach faoi sin. Dúirt an tAire Stáit go bhfuil €1.5 milliún breise le haghaidh na gcalafort in Inis Meáin, Inis Oírr, agus Toraigh. Glacaim leis nach easpa airgid a bheidh mar fhadhb againn ach easpa dul chun cinn ó thaobh pleanála de. An bhfuil an tAire Stáit in ann a rá liom ag an bpointe seo cá seasaimid leis na trí thogra sin - Inis Meáin, Inis Oírr, agus Toraigh? Cén uair a bheifí ag súil leis anois go dtosófar ag cur sluaistí sa lámh ar an talamh chun dul ag tochailt agus ag tógáil? Is cuimhin liom go cuireadh €6 milliún ar fáil le haghaidh céibhe Inis Oírr in 2015, i rith thréimhse an Rialtais dheiridh. Táimid in 2019 agus níl aon chosúlacht air go bhfuil an oiread sin dul chun cinn. Cinnte dearfach, níl dada feicthe againn ar an talamh. Sin mo chéad cheist. Tógfaidh mé ceann ar cheann iad.
No comments