Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 March 2019

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 bunchloch pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. Tá úinéireacht tras-Rannach ag an straitéis agus baineann an fhreagracht as í a chur i bhfeidhm, dá réir, le raon Ranna agus eagrais Stáit agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is ar mo Roinn atá an fhreagracht iomlán as cur chun feidhme na straitéise a chomhordú. Tá cur i bhfeidhm na straitéise agus, go deimhin, an plean gníomhaíochta don tréimshe ó 2018 go 2022 d’fheidhmiú na straitéise a foilsíodh anuraidh, lárnach i gcláir agus i ngníomhaíochtaí éagsúla mo Roinne mar a bhaineann le gnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá maoiniú breise de €6.705 milliún curtha ar fáil do mo Roinn i leith ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus oileáin don bhliain reatha. Is fiú €55.522 milliún, dá réir, an ciste iomlán airgid a bheidh le caitheamh sa réimse seo in 2019. San áireamh anseo tá ciste faoi leith ar fiú €3.2 milliún in iomlán curtha ar fáil in 2019 do chur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga. Is ionann é seo agus ardú €550,000 thar an méid a bhí luaite leis an gciste seo in 2018. Caithfidh an ciste tacú le hullmhú agus le feidhmiú pleananna faoin bpróiseas agus ar bhearta sonracha a dhéanfar ar bhonn lárnach ar leas an phróisis, go háirithe mar a bhaineann sé le gnothaí teaghlaigh, leis na luathbhlianta agus leis na healaíona tradisiúnta teangalárnaithe.

Tá €2 milliún breise curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun infheistíocht bhreise a dhéanamh i gcothabháil agus i gcruthú fostaíochta i gceantair Ghaeltachta. Anuas air sin, tá cinneadh tógtha agam suim de €700,000 nár chaith mo Roinn in 2018 a thabhairt ar aghaidh go 2019 le cur isteach i mbuiséad caipitil an údaráis. Ciallaíonn sé seo go mbeidh buiséad iomlán caipitil de €9.7 milliún á chur ar fáil ag an Roinn don údarás in 2019 le caitheamh ar thograí fostaíochta. Tá €500,000 sa bhreis i maoiniú reatha curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun tacú tuilleadh le comharchumainn agus eagraíochtaí forbartha pobail sa Ghaeltacht den chuid is mó.

Tá cistíocht bhreise de €980,000 curtha ar fáil faoin gclár tacaíochtaí pobail agus teanga de chuid na Roinne chun tacú tuilleadh leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht. Tá suim bhreise de €700,000 ann le haghaidh scéimeanna tacaíochta Gaeilge mo Roinne lasmuigh den Ghaeltacht. Tá allúntas breise de €1.433 milliún ann chun forbairt a dhéanamh ar infreastruchtúr na gcuan a fhreastalaíonn ar na hOileáin Árainn agus ar Thoraigh agus chun seirbhísí ríthábhachtacha iompair chuig na hoileáin a sholáthar. Sa bhreis ar an soláthar de €55.522 milliún atá luaite thuas, tá suim de €13.323 milliún le cur ar fáil don Fhoras Teanga, a chuimsíonn Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise.

Táim sásta dá réir go bhfuil cistíocht chuí curtha ar fáil chun cúram a dhéanamh do chur i bhfeidhm an phlean gníomhaíochta cúig-bliana agus is féidir leis an gcoiste bheith cinnte de go mbainfear an leas is fearr agus is féidir as an gciste suntasach sin ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.