Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 February 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Mr. Mícheál Ó Coileáin:

Tháinig an seanscéim i bhfeidhm i mBord Sláinte an Iarthair, is é sin i nGaillimh, Maigh Eo agus Ros Comáin. Cuireadh deireadh leis na boird shláinte mar is eol don Teachta. Tharla fadhbanna bunúsacha leis seo, mar bhí athrú mór sa chóras bainistíochta. Bhí a lán daoine agus bhí gealltanais tugtha acu faoin scéim. Fuair siad poist nua, d’éirigh cuid acu as an eagraíocht agus tharla athrú mór millteach san eagraíocht nuair a tháinig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i bhfeidhm. Bhain an scéim seo le Bord Sláinte an Iarthair amháin, rud nach raibh ann a thuilleadh. Tá sé an-deacair na spriocanna iomlána a chur i bhfeidhm in eagraíocht nach bhfuil beo a thuilleadh nó nach raibh beo le blianta agus nuair a bhí sé féin curtha isteach in eagraíocht eile ollmhór.

Is é an pointe a raibh á dhéanamh ag an Uasal Connors ná go bhfuilimid ag teacht ar ais air seo le súile nua, más maith leis an gcomhchoiste, ag foghlaim na ceachtanna go léir ón taithí a bhí againn, agus ag iarraidh straitéis náisiúnta a leagan amach don tír ar fad. Is é an láidreacht is mó a bhaineann leis an doiciméad atá os comhair an chomhchoiste inniu ná go mbaineann sé leis an tír ar fad. Is é seo an chéad uair riamh a rabhamar in ann doiciméad a chur ar aghaidh a bhain leis an tír ar fad. Is céim chun tosaigh an-mhór é sin, cé go bhfuil sé lochtach agus go bhfuil bearnaí ann. Glacaimid leis sin. Is í an chéad chéim de dhoiciméad náisiúnta a bheith againn agus de phictiúr náisiúnta de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, rud nach raibh riamh roimhe ann. Measaim féin gur céim chun tosaigh mór é sin, mar ar a laghad, is é seo an chéad rith den rás é seo agus táimid ag foghlaim. Measaim féin gur céim chun tosaigh láidir aon doiciméad a chlúdaíonn an tír go léir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.