Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 26 February 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Mr. Mícheál Ó Coileáin:
Ag labhairt faoi fhiaclóireacht ansin, labhróidh mé faoi chás an-phraiticiúil mar shampla. Dúnadh clinic i nGaeltacht chúig nó sé bliana ó shin, agus mar thoradh air sin, táimid ag iarraidh cuimhneamh ar an tslí is fearr freastal ar an nGaeltacht mar tá na daoine fós sa Ghaeltacht agus tá seirbhísí ag teastáil uathu. Is é an cur chuige atá á bheartú ná comhordú poiblí príobháideach nó comhpháirtíocht phoiblí phríobháideach chun dul i gcomhairle le soláthróirí agus le fiaclóirí áitiúla chun seirbhísí a chur ar fáil ar son Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Glacaimid leis nach bhféadfaimis a bheith in ann seirbhís a chur ar fáil agus a bheith ar an talamh i ngach Gaeltacht. Tá sé tábhachtach go mbeadh athshlánú tuaithe i gceist chomh maith. Is é sin go mbeimis ag tacú leis na seirbhísí atá faoin tuath agus iad a láidriú. Mar a fheicimid, d'fhéadfaimis freastal ar an dá thrá. D'fhéadfaimis seirbhísí sláinte thuaithe a láidriú, geilleagar na tuaithe a láidriú, agus an teanga a láidriú má dhéanaimid é go cruthaitheach agus go héifeachtach. Tá meon níos oscailte maidir le soláthar seirbhísí poiblí anois. Ní fheicimid go gcaithfimid gach rud a dhéanamh dúinn féin amháin, is é sin go gcaithfidh duine d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gach seirbhís a chur ar fáil. I gCorca Dhuibhne táimid ag forbairt na seirbhíse fiaclóireachta ón taobh sin de, ag obair le cleachtóirí príobháideacha. Measaim gurb é sin an tslí chun cabhrú le hathbheochan tuaithe chomh maith agus go mbeimis ag obair le soláthróirí ar an talamh agus go mbeadh modhanna nua oibre againn chun seirbhís a sholáthar. Tá Gaeilge ag go leor de na daoine atá ann. Ní gá daoine nua le Gaeilge a thógáil isteach. Is féidir linn na soláthróirí atá againn cheana féin ar an talamh a úsáid, mar a dúirt mé, cosúil le go mbeidh dochtúirí nó fiaclóirí teaghlaigh againn.
No comments