Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 February 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Mr. Mícheál Ó Coileáin:

Nílim ag rá é sin ach an oiread. Táim ag rá gurb é seo an chéad uair a deineadh meastachán iomlán den leithéid a rinneamar le sé mhí nó bliain anuas. Chuamar timpeall na lárionad go léir. Comhairíomar na daoine agus labhraíomar leis na bainisteoirí. Níor tharla sé sin go dtí gur tháinig muid faoi scáth an rannóg chumarsáide. Bhíomar ag feidhmiú go haonarach sna réigiúin go dtí an pointe sin. Ar bhealach, táim ag lorg maithiúnais go pointe. Táimid ag teacht ar an rud sin mar chuid den athstruchtúrú nua faoi cheannas an rannóg chumarsáide. Baineann an teachtaireacht is láidre leis na rudaí atá ag éirí leo. D'éirigh go seoigh linn le teiripeoirí teanga agus leis an scéim teiripe teanga a fhorbairt sa Ghaeltacht. Ba mhaith liom a chur ar shúile an choiste cé chomh tábhachtach is atá sé sin. Nuair a bhí seirbhís Bhéarla teiripe teanga ar siúl, uaireanta bhí ar theaghlaigh athrú go Béarla chun cabhrú le duine a bhí ag fáil teiripe teanga trí Bhéarla. Cheapamar go raibh sé sin náireach. Tá an cleachtas sin críochnaithe anois ar fad. Tá seirbhís cheart ann. Rinneamar é sin as ár stuaim féin. Mar oifigigh aonaracha chuamar chuig údaráis agus fuaireamar tacaíocht. Bhíomar ag treabhadh na ngort go huaigneach thar na blianta agus ag déanamh éachtaí beaga ar an talamh.

Má táimid ag iarraidh dul go dtí an chéad chéim eile agus barr feabhais a bhaint amach ar sheirbhísí Ghaeilge, is é an rud atá uaim agus atá uainn go léir ná maoiniú dírithe go sainiúil ar sheirbhísí Gaeltachta. Tá súil agam go mbeimid ábalta na bearnaí iomlána a aimsiú, go mbeimid ábalta eolas a chur ar fáil don choiste, agus go mbeimid ábalta iarratas a dhéanamh ar bhreis maoinithe a bheadh dírithe ar an nGaeilge agus a cinnteodh go mbeidh na seirbhísí a bheidh aimsithe curtha ar fáil. Mar a dúirt mé, tá slite cruthaitheacha chun é sin a dhéanamh. Chabhraigh Údarás na Gaeltachta le seirbhís teiripe teanga a bhunú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.