Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 February 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Mr. Mícheál Ó Coileáin:

Bhí. Bhí mé ag fiosrú an leibhéil chumais a bhí ar an bhfoireann. I nDaingean Uí Chúis bhí mé sásta go maith go raibh réimse leathan scileanna ag an bhfoireann chun freastal ar an bpobal áitiúil. Maidir leis na disciplíní is mó a bheifí ag súil leis i ngnáthionad cúraim pobail, bhí duine in ann na seirbhísí sin a chur ar fáil. Táim ag caint ar altraí sláinte poiblí; teiripeoirí teanga, ar a labhair an tUasal Mac Aodha Bhuí fúthu; agus meabharshláinte, rud a bhíonn an-tábhachtach i gCorca Dhuibhne agus a bhfuil tacaíocht ar fáil ina leith ansin. Ansin tá Oiléan Chléire againn ar chósta Chorcaí. Arís tá altraí le Gaolainn ag clúdach an oileáin. Téann a lán de na seandaoine ar an oileán sin go dtí an Sciobairín i gcomhair cúraim. Tá cúrám le fáil trí Ghaolainn dóibh siúd sa Sciobairín. Labhair mé leo agus bhí siad an-sásta leis an gcúram atá ar fáil acu trí Ghaolainn. Chuaigh mé go Maigh Chromtha agus tá daoine le cumas Gaeilge san ospidéal pobal ansin atá ábalta cúram breá a chur ar fáil trí Ghaolainn. Tugadh le fios dom nach raibh daoine ó Ghaeltacht Mhúscraí ag cur fúthu san ospidéal pobail faoi láthair ach tá an cumas ann. Is tábhachtach é sin a aithint. Uaireanta tá daoine le scileanna ann ach b'fhéidir nach glaotar orthu na scileanna sin a úsáid de réir éilimh.

Ar an iomlán, tá bearnaí ann. Mar shampla, tá altra sláinte poiblí le Gaolainn i Múscraí ach tá deacrachtaí le go leor daoine a fháil i ndisciplíní eile. D'éirigh linn daoine a fhostú nuair a bhí airgid sruthaithe don Ghaeilge amháin. Má táimid ag iarraidh seirbhísí Gaolainne a fhorbairt, ba chóir níos mó airgid a dhíriú ar an nGaeilge amháin chun a chinntiú go mbeidh daoine againn sna ceantair ina bhfuil siad ag teastáil. Tá daoine le Gaolainn ag teastáil i Múscraí, i nDaingean Uí Chúis agus in Uíbh Ráthach. D'fhoghlaim muid an-chuid as an scéim teiripe teanga. D'fhoghlaim muid go n-éireodh linn dá mbeadh síol-airgead, nó seed capital, ann chun poist a bhunú. Bhí mé ag caint leis an bpríomhfhiaclóir i gCiarraí an tseachtain seo caite. Mhínigh sé dom faoin scéim iontach-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.