Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 February 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí:

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an deis seo an comhchoiste a chur ar an eolas faoi na bearta atá déanta againn agus atá dá mbeartú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, FnaSS, ar mhaithe le seirbhísí trí Ghaeilge agus dátheangacha a chur ar fáil dóibh siúd a bhaineann úsáid as ár seirbhísí. Táimid mar chuid den rannóg chumarsáide mar nach raibh struchtúir réigiúnacha ag na hoifigigh Gaeilge go dtí seo. Le dhá bhliain anuas bhí muid dírithe ar athstruchtúrú iomlán ar sheirbhís na Gaeilge ó cuireadh tús leis na heagraíochtaí cúram sláinte pobail agus na grúpaí ospidéil. Thosaíomar an próiseas seo in 2016 agus, le cead ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, d’earcaigh muid ceannasaí sheirbhís na Gaeilge in 2018.

Le sé mhí anuas tá straitéis chúig-bhliain don Ghaeilge 2019-2023 á fhorbairt againn do FnaSS, ina sonraítear na haidhmeanna agus na gníomhaíochtaí a thógfar chun iad a bhaint amach. Admhaímid go bhfuil srian ar líon na n-áiseanna atá againn, ach laistigh de na háiseanna sin, tá dul chun cinn suntasach déanta againn le dhá bhliain anuas. Tá gach iarracht atá déanta againn dírithe ar an othar a choinneáil i gcroílár gach a ndéanann muid. Teastaíonn uainn taithí na ndaoine a bhaineann úsáid as ár gcuid seirbhísí sláinte a fheabhsú, go mór mór iad siúd a dteastaíonn seirbhís as Gaeilge uathu. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta againn maidir leis sin, admhaímid go bhfuil neart le déanamh fós againn. Tá muid tiomanta do sholáthar seirbhísí ar ardchaighdeán as Gaeilge do phobal na Gaeilge agus tá cur chuige onnghníomhach á thógáil againn chun é sin a bhaint amach, de réir an éilimh ar sheirbhísí as Gaeilge.

Le dhá bhliain anuas tá na bearnaí inár seirbhísí á n-aimsiú againn agus táimid ag déanamh ár ndícheall déileáil leo seo ar bhonn córasach. Tá an straitéis don Ghaeilge 2019-2023 mar an chéad chéim sa phróiseas seo. Le dhá bhliain anuas bhí muid dírithe ar ár ngéilliúlacht a fheabhsú maidir lenár ndualgais i dtaobh na Gaeilge. Anuraidh chuir muid tús le próiseas athbhreithnithe géilliúlachta atá deartha chun an caidreamh idir fhoireann na Gaeilge agus na seirbhísí a neartú. Tá sé ar intinn againn go gcabhróidh an t-athbhreithniú seo leis na seirbhísí sláinte cloí lenár ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus chun seiceáil go bhfuil seirbhísí ag cloí lena ndualgais a gcuid seirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge agus go bhfuil siad feasach faoina ndualgais maidir le stáiseanóireacht, comharthaíocht, fógraí béil agus comhfhreagras. Nuair a dhéantar athbhreithniú ar sheirbhís, tugtar paca eolais sonrach don tseirbhís ag léiriú na tacaíochtaí atá ar fáil ó fhoireann na Gaeilge, na dátaí ina ndéanfar an chéad athbhreithniú eile, moltaí a tháinig as an athbhreithniú, na dualgais faoin Acht, liosta aistritheoirí agus an dóigh chun tástáil inniúlachta do phoist sa Ghaeltacht a eagrú.

Rinne na hoifigigh Gaeilge 81 athbhreithniú le linn 2018, an chéad bhliain den phróiseas, agus i mbliana tá sprioc de 200 againn. Cabhraíonn an próiseas athbhreithnithe lenár n-oifigigh Gaeilge chun caidrimh tacúla a fhorbairt le seirbhísí FnaSS agus aiseolas a fháil ó bhaill fhoirne agus othair.

Mar thoradh ar na hathbhreithnithe, tuigtear an tábhacht a bhaineann le hothair le Gaeilge a aithint go luath agus go leanúnach sa chóras, dé réir mar a bhaineann siad úsáid as seirbhísí FnaSS - bítear mar othair chónaitheacha nó sheachtracha. Tá réiteach na ceiste seo faoi lán seoil in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe, áit a gcuirtear greamán ar an gcairt ag léiriú don fhoireann gur Gaeilgeoir an othar.

Rud eile a tháinig ó na hathbhreithnithe go dtí seo ná an gá le cúrsaí oiliúna Gaeilge a fhorbairt don fhoireann, agus gur chóir dóibh a bheith srathach agus-nó dírithe ar an obair atá á déanamh ag an bhfostaí. Tá sé ar intinn againn cúrsaí uasoiliúna a chur ar fáil sna seirbhísí pobail i nGaillimh agus Maigh Eo i gceann tamall agus sa cheanncheathrú den rannóg cumarsáide i mBaile Átha Cliath.

Aithníonn an fheidhmeannacht go bhfuil sainriachtanais teanga ag pobail na Gaeltachta agus tá achan iarracht á dhéanamh againn, laistigh de na háiseanna atá againn cheana féin, chun a chinntiú go soláthraítear seirbhísí sa Ghaeltacht trí Ghaeilge.

Chun treoir a fháil d’fhorbairt ár straitéise, choimisiúnaigh seirbhís na Gaeilge suirbhé ar riachtanais seirbhísí sláinte as Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Ag tógáil ar thaighde a rinneadh roimhe seo, dhírigh taighde 2018 ar phictiúr reatha a chur ar fáil faoin éileamh ar sheirbhísí as Gaeilge ó phobal na Gaeilge ag díriú go sonrach ar an líon seirbhísí sláinte atáthar ag fáil as Gaeilge, an cineál seirbhís sláinte atáthar ag fáil as Gaeilge, an tábhacht a bhaineann le seirbhísí sláinte a bheith ar fáil as Gaeilge agus na sainseirbhísí sláinte ar mian leo a fháil as Gaeilge.

Dhírigh an taighde ar réigiúin Ghaeltachta i nGaillimh, i dTír Chonaill agus i gCiarraí. Ba iad na príomhrudaí a tháinig ón taighde sin ná gur seirbhísí dochtúirí teaghlaigh na príomhsheirbhísí is mó éilimh as Gaeilge sa Ghaeltacht, cé go bhfuil éileamh suntasach ann ar na seirbhísí eile amhail: altraí sláinte poiblí, cúramóirí baile, seirbhísí scoile, naíonáin, altranais pobail agus araile; tá éileamh suntasach ann do sheirbhísí as Gaeilge i measc mhuintir na Gaeltachta; tugann na torthaí le tuiscint go bhfuil éileamh ann ar chumarsáid leictreonach as Gaeilge nach bhfuil á shásamh, nithe amhail eolas ar an Idirlíon, teagmháil tríd seirbhís faisnéise FSS Beo, nó HSE Live, téacsteachtaireachtaí agus ríomhphoist; dá mbeadh seirbhísí as Gaeilge ar chomhchéim le seirbhísí trí Bhéarla maidir le caighdeán agus leibhéal, roghnódh thart ar 75% dóibh sin a ghlac páirt sa suirbhé seirbhís as Gaeilge; tá trasfhoirmiú digiteach faoi lán seoil sa tseirbhís sláinte agus tá léarscáil digiteach FnaSS mar ghné thábhachtach den athrú sin. I measc aidhmeanna na straitéise don léarscáil dhigiteach tá aithint riachtanais úsáideoirí ionas nuair a dhéanann siad teagmháil linn ar líne go mbeidh muid in ann na riachtanais agus ionchais sin a shásamh. Mar chuid den obair seo beidh muid ag cur le réimse agus éagsúlacht an eolais as Gaeilge a bhíonn ar fáil ar www.hse.ie.

Is seirbhís eolais phoiblí ilchainéalach atá in FSSBeo atá ar fáil sé lá na seachtaine ar an bhfón, ríomhphost, Twitter agus LiveChat. Ba chóir go gcuideódh na seirbhísí seo le cainteoirí Gaeilge teacht ar na seirbhísí sláinte atá uathu mar go dtabharfaidh an tseirbhís eolais freagraí ar a gcuid ceisteanna.

Le linn 2019, ag brath ar áiseanna, tá sé mar aidhm againn an cúigiú oifigeach forbartha Gaeilge a earcú chun díriú ar oirthear na tíre. Chomh maith leis sin tá súil againn ball foirne a fhostú go lánaimseartha ar FSSBeo chun cur lenár gcumas freastal ar chainteoirí Gaeilge a dhéanann teagmháil leis an tseirbhís seo.

Táimid tiomanta freisin do chur chun cinn úsáid na Gaeilge ar chainéal digiteach FnaSS; athbhreithniú agus feabhsú ábhar as Gaeilge ar shuíomh ghréasáin FnaSS; ag leanúint ar aghaidh le foirmeacha leictreonacha, eolas margaíochta agus sláinte a fhorbairt as Gaeilge mar is gá; soláthar seirbhís feabhsaithe as Gaeilge do na meáin; forbairt agus cothabháil bunachar seirbhísí as Gaeilge de réir suíomh; cothabháil agus soláthar frásleabhair Bhéarla-Ghaeilge do phearsanra leighis; feidhmiú céimneach ar fheachtais inmheánach ar fheasacht teanga dírithe ar íogaireacht teanga agus an tábhacht do bhaill foirne a bhíonn ag déileáil leis an bpobal; ag tacú le soláthar baill foirne le Gaeilge líofa do líne tacaíochta na seirbhíse aisíocaíochtaí cúraim phríomhúil, PCRS, agus do sheirbhísí na gcártaí leighis.

Ar deireadh, is mian linn tacú le, agus spreagadh a thabhairt do, dhaoine nua ag teacht isteach san eagraíocht, go mórmhór gairmithe cúram sláinte, a bhfuil ábalta Gaeilge líofa a labhairt le seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge go muiníneach. Ar mhaithe leis seo tá FnaSS, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, ag tacú le scéim scoláireachta do mhic léinn le Gaeilge ina bhfuil sé d’aidhm go bhfanadh na mic léinn ag obair le FnaSS ar feadh trí bliana tar éis dóibh cáiliú. Tá 15 mhac léinn ón nGaeltacht ag tabhairt faoi chúrsaí tríú leibhéal faoi láthair a bhaineann le cúrsaí sláinte ag baint tairbhe as an scéim scoláireachta seo. Tacaíonn an fheidhmeannacht le modúil as Gaeilge sna cúrsaí oiliúna do mhic léinn leighis agus altranais in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá sé mar aidhm againn na modúil seo a leathnú amach chuig coláistí tríú leibhéal eile.

Geallaim thar ceann na feidhmeannachta go bhfuil FnaSS tiomanta d’fheabhsú na seirbhísí as Gaeilge d’othair agus go bhfuilimid toilteanach a bheith géilliúil d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus é sin a neartú.

Is é sin a bhfuil le rá agamsa sa ráiteas oscailte agus mar aon le mo chomhghleacaithe, déanfaimid iarracht achan cheist atá ag an gcomhchoiste a fhreagairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.