Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 February 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Go raibh míle maith ag na Teachtaí Dála agus ag na Seanadóirí atá i láthair mar tá a fhios agam go bhfuil siad faoi bhrú. Níl leithscéal faighte againn ó aon duine. Táimid anseo chun plé a dhéanamh ar ábhar na gcuspóirí agus na mbeart atá á gcur i gcrích ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun an Ghaeilge agus seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil dá gcustaiméirí. Ní maith liom an focal sin agus b’fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais go dtí an focal "custaiméar" le finné ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Cuirim fáilte roimh an Uasal Paul Connors, stiúrthóir náisiúnta cumarsáide, an tUasal Stephen McGrath, bainisteoir ginearálta, an tUasal Cuimín Mac Aodha Bhuí, ceannasaí seirbhís na Gaeilge, agus an tUasal Mícheál Ó Coileáin, an tUasal Bairbre Uí Theighneáin, an tUasal Carmel Mac Domhnaill, agus an tUasal Bríd Ní Chualáin, oifigigh Gaeilge uilig. Ní fhaca mé an oiread sin oifigeach forbartha Gaeilge riamh roimhe sa seomra seo.

Tá rud beag le déanamh agam maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh. Tá sé beagáinín amscaí ach léifidh mé amach anois é i dtús báire. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009 go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise seo acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina hainm, ina ainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. B'shin mo chuid de.

Táimid ag tnúth leis an gcur i láthair mar tá na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta agus do mhuintir na Gaeilge atá taobh amuigh den Ghaeltacht thar a bheith tábhachtach. Níl a fhios agam cén duine is mian leis nó léi tús a chur leis an gcur i láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.