Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 12 February 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Díospóireacht
Dr. Brendan Mac Mahon:
Tá. Ag breathnú air, is féidir a fheiceáil go bhfuil titim suntasach ar líon na ndaoine ó 2014 atá ag teacht isteach ar an gcúrsa ón nGaeltacht. Go traidisiúnta, bhí briseadh síos de 50:50: tháinig 50% ón nGaeltacht. Caithfear é sin a chur i gcomhthéacs na titime atá ag tarlú ag leibhéal náisiúnta sna cúrsaí uilig agus líon na n-iarratasóirí a chuir isteach ar na cúrsaí go náisiúnta ó cuireadh bliain sa bhreis leis an gcúrsa, rud a aontaím leis. Tá sé deacair méar a leagan go soiléir ar an gceann sin. Dhá bhliain ó shin mar shampla, bhí níos mó spéise ag na mic léinn a bhí i mbun céime nó sa bhliain deireanach den chéim i nGaillimh, mar shampla, sa bhunmhúinteoireacht i gcomparáid le meánmhúinteoireacht. Tarlaíonn sé sin uaireanta. Bhí sé sin le tabhairt faoi deara ag na laethanta oscailte chomh maith céanna sna ceisteanna a tháinig ó na daoine a tháinig isteach ar na laethanta sin.
Tá rud éicint eile atá ann chomh maith céanna atá luaite agam sa ráiteas. Tá mic léinn le céimeanna sa Ghaeilge agus tá mic léinn ón nGaeltacht nach bhfuil inniúil nó muiníneach as a gcumas scríofa sa Ghaeilge. Mar a dúirt mé sa ráiteas, is féidir leo a bheith straitéiseach. Níl mé ag fáil locht ar dhuine ar bith anseo. Má tá níos mó muiníne ag duine as a gcumas scríobhneoireachta i mBéarla, is féidir an cúrsa professional master in education, PME, a roghnú i mBéarla. Tá socrúchán scoile le déanamh trí Ghaeilge ach tá an méid sin scríobhneoireachta le déanamh ar chúrsa máistreachta chomh maith céanna - tá miontráchtais nó tionscadal taighde le scríobh i nGaeilge - agus is féidir le daoine nach bhfuil muiníneach an cúrsa i mBéarla a roghnú agus cuireann sé sin leis an titim.
Bhí an tríú ceist faoi na hábhair is mó a bhíodh ann, na cinn is comónta a bhí sna céimeanna, ab ea?
No comments