Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 12 February 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Díospóireacht

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is é an chaoi a fheicimse an scéal, de réir mar a thuigim, le heisceachtaí áirithe - is iad sin múinteoirí atá ag teagasc gasúr le fadhbanna foghlama acu - bíonn ar mhúinteoirí an Ghaeilge a theagasc i ngnáthbhunscoileanna na tíre. Cé mhéad de na múinteoirí atá in ann comhrá foirfe Gaeilge a choinneáil nuair a fhágann siad na coláistí oiliúna, tar éis na cainte uile? Is í an taithí atá agamsa ar an saol, dá rachfaí siar 30 bliain nuair a bhí na seancholáistí oiliúna ann, St. Pat's agus Carysfort, dá gcasfadh múinteoir ar dhuine, bheadh sé nó í in ann comhrá a choinneáil leis an duine sin i nGaeilge. Is í an taithí atá agamsa go simplí, agus le fáil réidh leis an méid focal ar fad a labhraíodh anseo tráthnóna, dá dtiocfadh duine mar sin thart isteach i scoil ag iarraidh gnáthchomhrá Gaeilge a choinneáil le múinteoirí, ní bheadh formhór na múinteoirí in ann é sin a dhéanamh.

Is í an dara ceist atá agamsa, go mórmhór don Roinn Oideachais agus Scileanna, ná cén uair atá sé i gceist idirdhealú a dhéanamh idir a bheith cáilithe le Gaeilge a mhúineadh i scoil Bhéarla agus a bheith in ann do ghnáthleibhéal iomlán a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Ceann de na fadhbanna atá ag na scoileanna lán-Ghaeilge ná go bhfuil siad ag iarraidh daoine ar an bpainéal agus bíonn orthu a chur ina luí ar dhaoine gan cur isteach ar na jabanna, d'ainneoin go bhfuil siad cáilithe, mar nach bhfuil an Ghaeilge acu le gnóthaí an lae nó múineadh trí mheán na Gaeilge. Cén uair atá sé i gceist ag an Roinn Oideachais agus Scileanna déanamh cinnte go bhfuil cáilíocht faoi leith le múineadh i scoil lán-Ghaeilge? Ina theannta sin, an bhfuil sé i gceist socrú a dhéanamh le go mbeidh na múinteoirí ar fáil le múineadh trí mheán na Gaeilge?

Tá dhá cheist ann. Dar liomsa níl Gaeilge na múinteoirí atá ag múineadh sna bunscoileanna trí chéile. Tá Gaeilge ag cuid mhaith acu ach níl dóthain Gaeilge acu le comhrá a choinneáil le duine. Ní bhíodh sé sin fíor. Is é an dara ceist ná cén uair a bheidh aitheantas tugtha don fhíric nach bhfuil Gaeilge ag formhór na múinteoirí agus, cinnte, nach bhfuil sé ar a gcumas múineadh trí Ghaeilge leis an ngnáthcháilíocht a bhíonn ag múinteoirí ag fágáil na gcoláistí oiliúna? Dhá cheist an-simplí atá ann agus níl mé ag iarraidh go mbeimid ag dul timpeall i gciorcail ar an gceist seo, mar is é sin taithí an phobail ar an gceist seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.