Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 12 February 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Díospóireacht

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Is é na hábhair atá idir lámha ná caighdeánú ar scrúdaithe agus cáilíochtaí tríú leibhéal d'ábhair mhúinteoirí, agus na cuspóirí agus na beartanna atá á gcur i gcrích ag an Údarás um Ard-Oideachas an Ghaeilge agus seirbhísí dátheangach a chur ar fáil dá gcustaiméirí. Is fuath liom an focal "custaiméirí" - is saoránaigh atá i gceist.

I dtús báire tá rud le déanamh agam maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh, ansin is féidir leis na finnéithe a gcuir i láthair a thabhairt don choiste. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009 go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo, agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe: Orla Ní Nuinsean, leas-príomhfheidhmeannach, Gearóid Ó Súilleabháin, ceannasaí ar chláir idirnáisiúnta, Labhaoise Ní Challanáin, forbairt agus feidhmíocht, agus Risteád Ó Bróithe, maoiniú córais, an tÚdarás um Ard-Oideachas. Tá an tUasal Tomás Ó Ruairc, stiúrthóir, agus an tUasal Phil Fox, ceannaire oideachas tosaigh múinteoirí agus ionduchtú, inár measc mar ionadaithe ón gComhairle Múinteoireachta. Mar ionadaithe ó na soláthróirí oideachais tosaigh múinteora, tá an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, leas-déan san institiúid oideachais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; an Dr. T.J. Ó Ceallaigh, stiúrthóir ar an gcúrsa máistreachta san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta sa roinn um oideachas teanga agus litearthachta i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach; agus an Dr. Brendan MacMahon, léachtóir i scoil an oideachais, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Faoi dheireadh tá an tUasal Eibhlín Ní Scannláin, cigire leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, linn. Tá an tUasal Jim Mulkerrins inár measc freisin. Cuirim fáilte ar ais roimhe. D'oibrigh sé anseo cheana.

Tá na ráitis tosaigh léite agam. Tá siad thar a bheith suimiúil agus cabhrach dúinn ach tá siad fada agus tá a lán finnéithe os ár gcomhair. Tá sé tábhachtach iad a chur ar an taifead ach b'fhéidir gur féidir leis na finnéithe achoimre a dhéanamh nó díriú ar na pointí tábhachtacha. Tá a fhios agam go bhfuil sé deacair. Tosóimid leis an Údarás um Ard-Oideachas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.