Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 15 January 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Sláinte

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Uasal O'Connor as an tuairisc agus as an eolas atá inti. Tá sé soiléir go bhfuil iarrachtaí láidre á ndéanamh sa Roinn agus, de réir gach cosúlacht, go bhfuil torthaí á mbaint amach as sin. An bhfuil foireann mhór ann? Dúirt an tUasal O'Connor gur mhéadaigh an Roinn an líon foirne atá compordach le Gaolainn nó inniúil sa Ghaolainn ó ochtar go dtí 12. Cé mhéad duine a mbeadh ann san iomlán? Cén céatadán den fhoireann a bheadh i gceist ansin? Bheadh an-suim agam a fháil amach conas ar mhéadaigh an Roinn an líon sin. Agus an Roinn ag earcú, ar leagadh béim faoi leith ar dhaoine le Gaolainn a thabhairt isteach nó ar dhein sí rud éigin eile laistigh den fhoireann chun é sin a chur i gcrích?

Leis an fhírinne a rá, is ag an coalface agus i measc an phobail a theastaíonn an bhéim is mó i gcónaí. Ba cheart go mbeadh an Ghaolainn beo amach ansin i measc na foirne atá ag cur córas sláinte i bhfeidhm. Tá an Roinn ag díriú isteach an-chuid ar obair an HSE chomh maith. An mbíonn an Roinn ag plé leis mar gheall ar a dhualgais maidir leis an nGaolainn faoina scéim teanga féin? An ndéanann an Roinn monatóireacht air sin mar a dhéanann sí monatóireacht ar ghnó eile an HSE? Má dhéanann sí, cén saghas torthaí atá ansin?

Maidir leis an scéim teanga a bhfuil an Roinn ag déanamh athnuachan uirthi, cén sórt feabhsúchán ar tháinig chun cinn ansin? An plean gníomhach é ina bhfuil an-chuid rudaí nó an bhfuil aon chúlú ag baint leis? Cén saghas feabhsúchán atá molta leis an bplean nua? I ndáiríre teastaíonn uaim díriú isteach ar an tslí ina leanann an Roinn ar an HSE agus ar an saghas monatóireachta a bheadh i gceist leis sin maidir leis na dualgais a bheadh aige ó thaobh na Gaolainne ar an líne thosaigh i measc an phobail.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.