Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 15 January 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Sláinte

Mr. Muiris O'Connor:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Ba mhórchúis áthais don Roinn cuireadh a fháil chun labhairt os comhair an chomhchoiste maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn an Roinn don phobal trí Ghaeilge. Mar is eol dó, chomhlánaigh an Roinn ceistneoir ón gcoiste i mí Eanáir 2017 maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn sí, agus tuigim gur ar an mhéid sin a dhíreoidh an coiste inniu. Ós rud é go ndeachaigh dhá bhliain thart ó comhlánaíodh an ceistneoir sin, tugadh na freagraí atá ann suas chun dáta chun na hathruithe a rinneadh san idirthréimhse a léiriú, agus cuireadh cóip den cheistneoir athbhreithnithe sin ar fáil.

Tá an Roinn láneolach ar na freagrachtaí atá uirthi seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus trí Bhéarla araon, nuair is gá, agus cloíonn sí leis na freagrachtaí sin. Cé go bhfuilimid freagrach as beartais a cheapadh maidir le seirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta pearsanta a sholáthar, ní sholáthraíonn an Roinn na seirbhísí sin go díreach don phobal. Is ar Fheidhmeannas na Seirbhíse Sláinte, an HSE, atá an fhreagracht reachtúil as seirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta pearsanta a sholáthar don phobal, lena n-áirítear na seirbhísí sin a chur ar fáil trí Ghaeilge nuair is cuí. Mar sin, agus de réir an róil reachtúil atá aige, is faoin HSE atá sé déileáil le formhór na gceisteanna a fhaigheann an Roinn ón bpobal maidir le soláthar seirbhísí sláinte, agus cuirtear na ceisteanna sin ar aghaidh chuig an HSE lena bhfreagairt.

Maidir le cumarsáid bhéil agus scríofa leis an Roinn, cé nach soláthraíonn an Roinn í féin seirbhísí go díreach, is amhlaidh, má fhaigheann an Roinn ceist i nGaeilge ó dhuine den phobal, go gcuirfear an cheist sin ar aghaidh chuig duine amháin den 11 bhall foirne atá inniúil sa Ghaeilge. Déileálfaidh na baill fhoirne iad féin leis an gceist nó treoróidh siad an duine den phobal chuig an HSE. Is é an beartas atá againn gur i nGaeilge a thugtar freagra ar an gcomhfhreagras scríofa ar fad a fhaigheann an Roinn i nGaeilge. Mhéadaigh an líon ball foirne atá inniúil i nGaeilge ó ochtar sa bhliain 2017 go 11 duine sa bhliain 2019.

Maidir le suíomh gréasáin na Roinne, eisítear na preaseisiúintí uile ón Roinn go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla agus, de réir an phrótacail le haghaidh ábhar a fhoilsiú i nGaeilge ar shuíomh gréasáin na Roinne, ní mór an t-ábhar statach ar fad a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin na Roinne a chur ar fáil go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla.

Ós rud é nach soláthraíonn an Roinn aon seirbhísí sláinte ná aon seirbhísí poiblí go díreach, níl aon cheanglas ginearálta ann go mbeadh poist lánaimseartha shonracha againn sa Roinn dá bhfuil inniúlacht i nGaeilge riachtanach. Beag beann air sin, féachaimid leis an gcuid is fearr a bhaint as na hacmhainní atá againn trína chinntiú go bhfuil againn líon dóthanach ball foirne ar féidir leo gnó a sheoladh trí Ghaeilge nuair is gá. Tá na baill sin scaipthe mórthimpeall na Roinne. Sa bhliain 2015, sainaithníodh post mar oifigeach seirbhísí ag deasc fháiltithe na Roinne mar phost lena ngabhann riachtanas Gaeilge. Rinneadh amhlaidh ar mhaithe le húsáid na Gaeilge le glaoiteoirí pearsanta ar ár n-áitreabh a éascú. Tá duine atá inniúil i nGaeilge ag obair sa phost sin ó shin i leith.

Mar a luadh cheana féin, tá 11 bhall foirne ag an Roinn atá in ann a gcuid dualgas a chur i gcrích i nGaeilge agus i mBéarla araon nuair is gá. Molaimid dár mbaill fhoirne a gcumas a fhorbairt freisin, agus thug 16 bhall foirne faoi oiliúint Gaeilge sna blianta 2017 agus 2018. D’éirigh leis na daoine sin cláir éagsúla a chríochnú, ó chúrsa bonnleibhéal ullmhúcháin go cúrsa leibhéal 6 den teastas sa Ghaeilge ghairmiúil a mbronnann Gaelchultúr é.

Ceadaíodh an scéim teanga don tréimhse ó 2015 go 2018 ón Roinn sa bhliain 2015 agus tá sí á hathbhreithniú faoi láthair. Críochnaíodh próiseas comhairliúcháin phoiblí don scéim nua agus tá an scéim don tréimhse ó 2019 go 2022 á tabhairt chun críche ag an Roinn anois. Cuirfear an scéim faoi bhráid an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta lena ceadú go luath. Leagfar amach sa scéim a mhéid atá gníomhaíochtaí na Roinne ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair agus, nuair is féidir, sainaithneofar inti aon réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu amach anseo ina leith sin. Tá ag an HSE a scéim teanga féin i leith seirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta pearsanta a sholáthar don phobal.

Rinne an Roinn monatóireacht ar chur chun feidhme na ngealltanas atá tugtha sa scéim teanga don tréimhse ó 2015 go 2018 ón Roinn, agus rinne Oifig an Choimisinéara Teanga iniúchadh ar an obair sin. Ag eascairt as iniúchadh ó Oifig an Choimisinéara Teanga, cuireadh prótacal i bhfeidhm i leith ábhar a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla araon ar shuíomh gréasáin na Roinne. De réir an phrótacail sin, ní mór an t-ábhar statach ar fad a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin na Roinne a chur ar fáil go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla.

Sa bhliain 2018, thug aonad iniúchóireachta inmheánaí na Roinne, an audit group, ar thionscnamh an Ard-Rúnaí, faoi iniúchadh ar an dóigh a raibh ceanglais Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 á gcomhlíonadh ag an Roinn. I dtuarascáil an iniúchta, fuarthas amach go raibh dea-chomhlíonadh á bhaint amach agus rinneadh roinnt moltaí measartha agus moltaí beaga le haghaidh feabhais. Tá na moltaí sin á gcur chun feidhme faoi láthair.

Ó thaobh teanga beo a dhéanamh de Ghaeilge laistigh den Roinn, ar bhogadh isteach inár n-áitreabh nua ar Miesian Plaza dúinn le linn na bliana 2018, chuir an Roinn béim ar a chinntiú go mbeadh na comharthaí uile ar taispeáint go cuí i nGaeilge agus i mBéarla araon ar fud an fhoirgnimh. Tá tús áite ag an nGaeilge orthu siúd. Tá ciorcal comhrá, a nglacann daoine páirt ann atá ag iarraidh feabhas a chur ar a n-inniúlacht i nGaeilge, ar siúl le tamall maith anuas agus is eol dúinn go bhfuil tionscnamh den chineál céanna ar bun ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, atá comhlonnaithe linn. Tá sé ar intinn againn obair leis an Roinn sin chun cabhrú linn go léir próifíl na Gaeilge a mhéadú agus chun cur le muinín na ndaoine sin ar mian leo an teanga a úsáid. Leanfaimid lenár ndícheall a dhéanamh dul sa tóir ar bhealaí eile inar féidir linn feabhas a chur ar úsáid na Gaeilge.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as a aire. Beidh mé an-sásta freagra a thabhairt ar aon cheisteanna atá ag baill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.