Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 December 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: Tusla

4:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas do na finnéithe as ucht an soiléiriú ach ní mór dom a rá go bhfuil sé deacair uaireanta a bheith mar Chathaoirleach anseo agus a bheith ag cloisteáil faoi na bearnaí ollmhóra atá ann ó thaobh na Gaeilge de, agus tagráim do sheirbhísí bunúsacha. Táimid ag caint faoi chearta daonna. Tá sé tuillte ag daoine le Gaeilge go mbeadh seirbhísí bunúsacha ar fáil. Tá na finnéithe ionraic agus molaim iad mar tá siad ag rá go hoscailte cad iad na bearnaí.

Tá líon na gcigirí ag méadú ó 47 go 57. Cé mhéad den uimhir bhreise sin a bhfuil Gaeilge acu? Cén iarracht atá déanta ag Tusla maidir leis an bhfigiúr breise sin? Ó thaobh na daoine atá Gaeilge acu ar leibhéal áirithe, cén sórt cabhair atá i gceist dóibh siúd chun tuilleadh feabhas a chur ar a chuid Gaeilge? An bhfuil siad ag freastal ar chúrsaí? Cad é an céatadán den fhoireann atá i mbun cúrsa faoi láthair?

An rud atá i gceist anseo ná an Ghaeilge a normalú agus gan í a imeallú. Bíonn an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge os mo chomhair agam gach uile sheachtain anseo maidir le gach uile Roinn. Tá an straitéis leagtha síos ansin agus tá plean gníomhaíochta anseo. Tá súil agam go bhfuil sí léite ag na finnéithe mar tá dualgas faoi leith acu faoin bplean seo.

Díreoidh mé isteach ar sholáthar luathbhlianta Gaeilge. Cruthófar dhá phost Ghaeilge i réimse na luathbhlianta laistigh den Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. An bhfuil sé sin déanta ag an Roinn? An bhfuil aon bhaint ag Tusla leis sin? An bhfuil plean Gaeilge ag Tusla faoi láthair nó an bhfuil sé clúdaithe faoin HSE? Níl a fhios agam faoi sin. An bhfuil Tusla ag feidhmiú gan plean? Rinne na finnéithe tagairt don phlean atá le teacht, ach cén sórt plean atá i gceist faoi láthair?

Nuair a thagann na finnéithe os ár gcomhair, bheadh mise ag súil go mbeadh an straitéis agus an plean gníomhaíochta léite acu agus go bhfuil siad ag díriú orthu. Ní saineolaithe muidne ach bhí saineolaithe taobh thiar de na cáipéisí seo agus tá na spriocanna leagtha amach go soiléir.

Tá rudaí beartaithe ag Tusla. Tá sé ráite ag na finnéithe go bhfuil rudaí ar leith le déanamh acu. Má tá na finnéithe os ár gcomhair ag an bpointe seo an bhliain seo chugainn, cad iad na rudaí a bheidh déanta acu laistigh den bhliain sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.