Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 18 December 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí trí Ghaeilge: Tusla
4:00 pm
Joe O'Reilly (Fine Gael) | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir. Tá sean aithne agam ar an Uasal Smyth. Tá brón orm nach raibh mé anseo níos luaithe chun an cur i láthair a chloisteáil. Le bheith lán dáiríre, tá an-mheas agam ar an saghas oibre a dhéanann Tusla go laethúil. Tá mo mhac ag déanamh eolaíocht sóisialta agus tá sé ag obair le Tusla ag an bomaite ar chúpla seachtain phraiticiúil, so tá mé buíoch as sin.
Ar bhealach, tá mo chéad cheist freagraithe cheana ach cuirfidh mé ceithre ceist shimplí díreach ar na finnéithe, agus bheadh spéis ag cuid mhaith de dhaoine sna freagraí seo. Cé mhéad cigire luathbhlianta atá fostaithe ag Tusla? Cad é an líon cigirí atá in ann cigireacht a dhéanamh trí mheán na Gaeilge? An bhfuil seirbhís chigireachta trí mheán na Gaeilge ar fáil i ngach ceantar Gaeltachta? An labhraíonn na cigirí as Béarla os comhair na leanaí le linn na cigireachta, agus an bhfuil baill fhoirne naíonraí in ann teagmháil a dhéanamh le Tusla trí mheán na Gaeilge?
No comments