Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 December 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: Tusla

4:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Níl mé ag súil le hathrú thar oíche. Tuigim cé chomh mall agus a tharlaíonn athruithe agus aithníonn Tusla gur gá an t-athrú seo.

Tagraím don mhéid a dúirt an tUasal Smyth faoi na cigirí luathbhlianta a théann isteach i naíscoileanna. An bhfuil Gaeilge acu siúd ar fad a thugann cuairt ar scoileanna sa Ghaeltacht? Cad faoi lasmuigh den Ghaeltacht? Tá a lán naíonraí nó réamhscoileanna atá lasmuigh den Ghaeltacht, agus tá an fhoireann ag freastal ar na páistí as Gaeilge, ach an mbíonn orthu athrú go Béarla chun labhairt leis an gcigire nuair a thagann sé nó sí isteach? Más fíor é sin, conas is féidir a dhéanamh cinnte de nach dtarlaíonn sé sin amach anseo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.