Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 December 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: Tusla

4:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as teacht os ár gcomhair. Nuair atá páistí aonteangacha, nó fiú dátheangacha, ag déileáil le daoine údarásacha, tá sé ríthábhachtach go mbeadh na teangacha dúchasacha ina bhfuil na páistí sin á dtógáil ag na hoifigigh sin. Sa tír seo, ba cheart go mbeadh an Ghaeilge acu siúd a théann i dteagmháil le páistí atá á dtógáil le Gaeilge. Tá mé ag caint ní hamháin faoi fhoireann Tusla, ach faoi oibrithe in aon eagras Stáit lena mbíonn daoine óga ag déileáil, múinteoirí san áireamh. Ba cheart go mbeadh Gaeilge acu. Dúirt an tUasal Smyth go bhfuil Gaeilge ag 24 ball foirne de chuid Tusla, nó go bhfuil cumas Ghaeilge acu. Tá níos mó ná 4,000 duine ag obair le Tusla. Sa lá atá inniu ann, tá sé an-éasca suirbhé a dhéanamh. Ba cheart do Tusla iarracht a dhéanamh láithreach fáil amach cén leibhéal cumas teanga atá i gceist. Ní féidir le haon eagras plean gnímh a dhéanamh, nó aon chur chuige ceart maidir leis an nGaeilge a ghlacadh, mura bhfuil eolas maidir le líon na nGaeilgeoirí ar fáil san eagras sin. Measaim go bhfuil sé scannalach nach bhfuil sé sin tarlaithe ag an staid seo.

Tuigim na tosaíochtaí atá ag Tusla, agus tuigim na géarchéimeanna agus na huafáis lena mbíonn Tusla ag déileáil anois is arís. Nuair atá baill fhoirne á n-earcú, ba chóir go dtógfaí san áireamh an bhfuil cáilíochtaí nó cumas Gaeilge, nó aon teanga, sa CV ag na hiarrthóirí. Nuair atá Tusla ag déileáil le páistí in Éirinn atá an Fhraincis, an Spáinnis, an Svahaílis nó pé teanga eile mar theanga dhúchais acu, caithfidh go mbíonn ar lucht an eagrais ateangaire a lorg chun déileáil leis an bpáiste sin. Tá a fhios agam faoin ábhar seo ós rud é gur tógadh le Gaeilge mé sa chathair seo. Ní raibh Béarla agam i gceart go dtí go raibh mé seacht nó ocht mbliana d'aois. Sa chuid is mó, trí Ghaeilge a bhínn ag déileáil le daoine. Bhí sé deacair orm casadh ar Béarla i gceart. Níor dhein mé é go dtí gur thosaigh mé san ollscoil. Ba sin an chéad uair go raibh orm casadh ar an dara teanga sa Stát seo go hoifigiúil. Nuair a chasann páiste óg le Gaeilge ar an mBéarla, cuireann sé leis an bhfadhb atá againn maidir leis an teanga.

Ba mhaith liom díriú ar na chéad chéimeanna eile. Molaim an liosta atá curtha faoi bhráid an choiste ag an Uasal Smyth. Níl mé ag cur i gcoinne an liosta nuair a deirim go gcaithfear bogadh go tapa chun dréachtscéim theanga a chur le chéile. Is rudaí simplí atá i gceist. Beidh cuid acu buntáisteach do Tusla araon le Gaeilgeoirí. Ba chóir go mbeadh a fhios ag lucht an eagrais cé mhéad duine i Tusla atá in ann feidhmiú mar urlabhraithe Gaeilge don eagras, agus deis a bheith acu craobhscaoileadh a dhéanamh ar a shon nuair atá plé á dhéanamh ar Raidió na Gaeltachta, TG4, Raidió na Life nó Raidió Fáilte ar cé chomh maith nó cé chomh dona is atá Tusla ag feidhmiú, ag brath ar an gcás atá i gceist. Chabhródh rud bunúsach mar seo le Tusla agus le pobal na Gaeilge. Thaispeánfadh sé go bhfuil Tusla dáiríre faoin cheist seo, ní hamháin nuair atá baill fhoirne ag déileáil le cásanna éigeandála ach freisin nuair atá siad ag déileáil le naíscoileanna agus réamhscolaíocht i gcoitinne. B'fhéidir go mbeidh an tUasal Smyth in ann tabhairt faoin dá cheist sin. Tiocfaidh mé ar ais le ceist nó dhó eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.