Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 December 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: Tusla

4:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal. Tuigeann muid cé chomh tábhachtach is atá an obair atá á dhéanamh ag Tusla. Níl na finnéithe os comhair an Chomhchoiste um Shláinte. Tá siad os comhair Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán chun ábhar na Gaeilge a phlé. Iarraim ar an Uasal Smyth díriú isteach air sin. Tuigeann muid an tábhacht a bhaineann leis an obair atá á dhéanamh ag Tusla. Tá na finnéithe os ár gcomhair ar bhunús eile. Iarraim orthu breathnú ar úsáid na Gaeilge agus díriú ar an dul chun cinn atá déanta ag Tusla ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh na freagrachtaí dlíthiúla atá ar Tusla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.