Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 December 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: Tusla

4:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Ba mhaith liom tús a chur leis an gcruinniú. Cuirim céad míle fáilte roimh na hoifigigh. Táimid ag tnúth lena gcur i láthair. Is mian linn soiléiriú a fháil i dtaobh na Gaeilge agus maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag Tusla. Cuirim fáilte roimh Mr. Patrick Smyth, príomhfheidhmeannach eatramhach; Mr. Alan Breen, stiúrthóir cumarsáide; Ms Amanda Pathe, bainisteoir an aonaid gnóthaí parlaiminte; Ms Fiona McDonnell; agus Mr. Noel Kelly, stiúrthóir seirbhíse sna seirbhísí oideachais agus leanaí.

I dtús báire, tá rud le déanamh agam maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh. Beidh na finnéithe in ann a gcur i láthair a dhéanamh nuair a bheidh sé seo déanta agam. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don chomhchoiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo. Fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an chomhchoiste an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Tá mo chuid déanta agam. An bhfuil sé i gceist ag na finnéithe labhairt i nGaeilge nó i mBéarla?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.