Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 4 December 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Soláthar Oideachais lán-Ghaeilge: An Foras Pátrúnachta
4:00 pm
Mr. Caoimhín Ó hEaghra:
Gabhaim buíochas leis an gcoiste ar dtús as an gcuireadh an cur i láthair seo a dhéanamh.
Braitheann an Foras Pátrúnachta go bhfuil an cur chuige chun pátrúin scoileanna nua a roghnú claonta go córasach i gcoinne scoileanna lán-Ghaeilge. Fuair an Coimisinéir Teanga go raibh an córas seo lochtach ach fós níl sé leasaithe agus is dóigh gurb é sin an príomhrud ba mhaith liom a rá inniu. Déanfaimid leagadh amach ó thaobh stádas na Gaeilge agus ó thaobh an éilimh atá ar oideachas lán-Ghaeilge a bheagán maidir leis an imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga agus ár dtaithí ar an bpróiseas, agus tá roinnt moltaí againn freisin maidir le conas gur féidir leis an Roinn an córas a leasú. Tuigimid ar fad an áit, an ról agus an stádas ar leith atá ag an nGaeilge. Tá sé seo le feiceáil sa Bhunreacht agus mar theanga oifigiúil san Acht Oideachais nuair a deirtear gur gá don Roinn Oideachais agus Scileanna cuidiú le baint amach cuspóirí agus polasaí náisiúnta i leith an dátheangachais.
Tá tacaíocht traspháirtí faighte ag polasaí Rialtas na hÉireann i Ráiteas an Stáit i Leith na Gaeilge in 2006. Is iad na haidhmeanna atá leagtha amach ansin go bhfuil an Stát ag iarraidh úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail, an oiread saoránach agus is féidir a bheith dátheangach, agus líon na dteaghlach a bhfuil an Ghaeilge mar theanga laethúil chumarsáide acu a mhéadú. Cuid de na cuspóirí a bhí sa ráiteas sin ná spreagadh agus tacaíocht a thabhairt don phobal an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga theaghlaigh, oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí í, agus tacaíocht a thabhairt do Ghaelscoileanna. I Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, tá sé leagtha amach “an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá ... a ardú ó 83,000 go 250,000”.
Is é an pointe atá mé á dhéanamh leis an gcúlra sin a thabhairt ná go bhfuil stádas ag an nGaeilge. Tá polasaithe ag an Stát atá glactha mar pholasaí ag na páirtithe go huile is go hiomlán. Ba chóir, mar sin, go mbeadh Ranna an Stáit, mar atá leagtha amach san Acht Oideachais, ag tacú leis an bpolasaí seo agus leis an stádas a chur chun cinn. Fiú amháin chun an sprioc sin de 250,000 cainteoir Gaeilge laethúil a fháil, tá sé soiléir go dteastaíonn níos mó Gaelscoileanna.
Ó thaobh an éilimh ar oideachas lán-Ghaeilge a léiriú, is ceist í seo a théann go smior nuair atáimid ag plé leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. I dtaighde de chuid ESRI i 2015, fuarthas gur mheas 72% den phobal gur cheart go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do pháistí dá mbeadh tuismitheoirí á lorg. Sa taighde sin freisin dúirt 23%, dá mbeadh scoil lán-Ghaeilge in aice leo, go seolfaidís nó go smaoineoidís a bpáistí a sheoladh chuici. An fhadhb atá leis sin, áfach, agus feictear é sin in aguisín 1 atá curtha agam leis an gcur i láthair seo, ná nach bhfuil an rogha sin ag tuismitheoirí a bpáistí a sheoladh ag Gaelscoileanna mar nach bhfuil ach 4.7% de bhunscoileanna na tíre ina Ghaelscoileanna. Tá an t-éileamh ag suí thart ar 25%.
Fuair taighde de chuid Kantar Millward Brown le gairid go gceapann 78% den phobal gur ceart go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do gach páiste más é sin a rogha. Tá an t-éileamh seo aimsithe ag an bhForas Pátrúnachta agus muid ag glacadh páirte sna próisis phátrúnachta le seacht mbliana anuas. Léiríonn aguisín 2 a chuir mé ar fáil freisin na sonraí maidir leis na hiarratais ar phátrúnacht atá déanta againn, agus tá na tuairiscí agus na staitisticí ar fad ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir leis an bpróiseas pátrúnachta seo.. Feictear sna tuairiscí sin - is dóigh gurb é seo an príomhphointe arís maidir le héileamh - go bhfuil 26% ar an meán de na tuismitheoirí sa phobal a ndeachaigh muidne chucu ag lorg oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí. Tagann sé seo le taighde an ESRI.
An pointe atáimid á dhéanamh ná go bhfuil stádas ag an nGaeilge, go bhfuil polasaí ag an Stát ó thaobh an dátheangachais, go bhfuil tacaíocht i measc an phobail go mbeadh sé ann, agus go bhfuil éileamh ag 26% de thuismitheoirí á lorg. Ba cheart go mbeadh an Roinn ag feidhmiú air seo. Mar shampla, luafaidh mé anois cuid de na ceantair, i mBaile Átha Cliath 2, 4 agus 6, a ndeachamar chucu agus lenar ghlacamar páirt sa phróiseas pátrúnachta in 2018.
Thacaigh 25% den phobal lenár n-iarratas ach ní bhfuaireamar Gaelscoil. Tá 25 scoil sa cheantar sin agus níl ach dhá cheann díobh ina Ghaelscoil. I nDún Laoghaire in 2017, thacaigh 28% den phobal lenár n-iarratas. Níl ach Gaelscoil amháin ansin agus tá 13 scoil Bhéarla sa cheantar. Ní bhfuaireamar Gaelscoil. I mBaile Pheiléid in 2017, fuaireamar tacaíocht ó 25% den phobail, ní bhfuaireamar Gaelscoil. Níl ann ach Gaelscoil amháin agus 14 scoil Bhéarla sa cheantar.
I Marino-Droim Conrach in 2016, fuaireamar tacaíocht ó 32% den phobal. Tá trí Ghaelscoil sa cheantar sin agus tá 22 scoil Bhéarla. Thacaigh 361 tuismitheoir linn agus muid ag lorg Gaelscoil ach diúltaíodh dóibh. Nuair atá 361 tuismitheoir i gceantar ag lorg Gaelscoil agus nuair a dhiúltaítear dóibh, tá rud éigin cearr leis an gcóras sin, go háirithe nuair a smaoinímid ar an stádas, ar an éileamh agus ar gach rud atá léirithe.
Iarradh ar an gCoimisinéir Teanga an próiseas pátrúnachta seo cheist a fhiosrú. In imscrúdú an Choimisinéara Teanga in 2017, chinn sé nach raibh forálacha teanga an Achta Oideachais comhlíonta ag an bpróiseas pátrúnachta atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Chinn sé nach raibh an cur chuige a bhí ag an Roinn maidir leis an bpróiseas pátrúnachta ag teacht le réadú bheartais an Stáit i leith leathadh an dátheangachais. Fuair sé locht ar an bpróiseas mar nár éirigh leis freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge, agus mhol sé féachaint in athuair ar an éileamh a bhí léirithe i Marino-Droim Conrach. Lorg sé tuairisc taobh istigh de sé mhí ar conas go raibh an Roinn chun an t-éileamh a shásamh. Go fíorthábhachtach, d’iarr an Coimisinéir Teanga go gcloífí an Roinn Oideachais agus Scileanna feasta leis na dualgais reachtúla teanga atá uirthi sa phróiseas pátrúnachta.
Níl sé seo á dhéanamh sa phróiseas pátrúnachta nua atá fógartha. Is í sin an phráinn atá leis an gcur i láthair seo agus an t-impí atá mé á dhéanamh ar an gcomhchoiste maidir le gníomh na Roinne. Tá próiseas pátrúnachta fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus tá an comórtas le tosú go luath do scoileanna ag an mbunleibhéal. Tá 12 bhunscoil le hoscailt i Meán Fómhair 2019 agus níl aon chur chuige i bhfeidhm chun freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge.
Braitheann an Foras Pátrúnachta go bhfuil an cur chuige atá ag an Roinn Oideachas chun scoileanna nua a bhunú claonta go córasach i gcoinne scoileanna lán-Ghaeilge. Tá sé seo á rá againn leis an Roinn ó cuireadh an próiseas nua seo i bhfeidhm roinnt mhaith blianta ó shin faoin am seo. Is í an chaoi ina bhfuil sé claonta ná gurb é an príomhchritéar a úsáideann an Roinn chun iarratais ar phátrúnacht a mheas ná líon na tuismitheoirí a thacaíonn leis. An pointe atáimid ag déanamh leis ó thús ama ná go labhraíonn tromlach na ndaoine in Éirinn Béarla. Is é an chéad teanga atá acu. Glacaimid ar fad leis sin. Ní nach ionadh má théann duine go dtí pobal, agus má iarrtar duine air an bhfuil an pobal sin ag iarraidh scoil nua, go dtacaíonn an tromlach sin le scoil trí mheán an Bhéarla. Bronntar pátrúnacht den chuid is mó ar scoileanna Béarla sna comórtais. Níl aon chur chuige ann chun freastal ar an 25% den phobal atá ag lorg oideachas lán-Ghaeilge. Is éacht mar sin é nuair a thagann an Foras Pátrúnachta chun cinn in aon chomórtas pátrúnachta. Léiríonn sé chomh mór is atá an t-éileamh sin sna pobail. Táimid tar éis 52% nó 48% den líon tacaíochta a fháil chun go bhfuaireamar aon Ghaelscoil sna próisis seo. Níl cothrom na féinne á fháil ag na tuismitheoirí atá ag lorg oideachas lán-Ghaeilge. Ní thugtar aitheantas mar sin do stádas na Gaeilge sa Bhunreacht sa phróiseas pátrúnachta agus níl an próiseas seo ag cloí le polasaí an Stáit i leith na Gaeilge mar a fuair an Coimisinéir Teanga.
Tá roinnt moltaí againn a bhféadfadh an Roinn a chur i bhfeidhm chun an cheist seo a chur ina cheart. Go bunúsach, táimid ag iarraidh ar an Roinn aitheantas a thabhairt don stádas ar leith atá ag an nGaeilge. Táimid ag iarraidh go gcuirfeadh an Roinn polasaí an Stáit i leith na Gaeilge i bhfeidhm. Táimid ag iarraidh go dtabharfadh an Roinn aird ar mheon an phobail agus ar mhianta tuismitheoirí atá ag lorg oideachas lán-Ghaeilge. Is féidir leis an Roinn an próiseas pátrúnachta do scoileanna nua a leasú. Mar shampla, mura bhfuil scoil lán-Ghaeilge i gceantar, ba cheart cinneadh a bheith tógtha roimh an bpróiseas pátrúnachta gur scoil lán-Ghaeilge a bheidh ann. Anuas air sin, má tá scoil lán-Ghaeilge sa cheantar cheana féin ach mura bhfuil sí ábalta freastal ar an éileamh de 25% de thuismitheoirí atá cruthaithe arís is arís eile, ba cheart cinneadh a dhéanamh gur scoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach a bheidh ann.
Is é an tríú moladh ná go bhfuil úsáid á bhaint as an bpróiseas athchumraithe faoi láthair chun rogha a sholáthar do thuismitheoirí ar scoileanna ilchreidmheacha timpeall na tíre. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna agus na boird eile ag déanamh suirbhéanna ar cheantair timpeall na tíre chun rogha ilchreidmheach a chruthú. D’fhógair an iar-Aire Oideachais agus Scileanna, an Teachta Bruton, go raibh sé i gceist 400 scoil ilchreidmheach a bheith sa tír faoi 2030. Céard faoi na scoileanna lán-Ghaeilge? Cén fáth nach bhfuil plean ann chun 400 scoil lán-Ghaeilge a bheith sa tír faoi 2030? Tá an próiseas ilchreidmheach seo ann chun rogha ilchreidmheach a chruthú do thuismitheoirí in aice baile. Ba cheart an próiseas a úsáid chun rogha lán-Ghaeilge a chruthú in aice baile freisin. Nuair atá athchumrú á dhéanamh ar scoil Chaitliceach, ba cheart féachaint chuige ar dtús an bhfuil dóthain soláthair de scoileanna lán-Ghaeilge i gceantar, agus mura bhfuil, ba cheart an scoil a athchumrú ina scoil lán-Ghaeilge. Scoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach a bheadh i gceist. Bheadh dhá mhian mhóra an Stáit á sásamh: cur chun cinn na Gaeilge agus rogha a thabhairt do thuismitheoirí ar scoil ilchreidmheach. Gabhaim buíochas as éisteacht liom
No comments