Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

4:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Is dócha go bhfuil an comhaontú seirbhíse thar a bheith tábhachtach.

Tá sé seo ag eascairt, ní as an gcoiste seo, ach ó na moltaí a tháinig ón gCoimisinéir Teanga. Dhírigh sé isteach ar an rud seo agus tá an comhaontú seirbhíse luaite i do ráiteas tosaigh. Níl mé ach ag díriú isteach ar ní a bhfuil an-tábhacht ag gabháil leis. Is rud amháin go bhfuil dualgais ar an Roinn agus muid ag cur brú ar an Roinn na dualgais sin a chomhlíonadh. Is rud eile nuair atá airgead poiblí ag dul go dtí eagraíochtaí éagsúla atá ag feidhmiú trí Bhéarla agus iad ag tabhairt tacaíocht nó ag déanamh monatóireacht ar naíonraí atá ag feidhmiú trí Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Chuala mé freagra an dochtúra.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil lenár n-aíonna. Ní raibh sé éasca, tá a fhios agam é sin. Ní raibh sé éasca dúinne ach an oiread, ag plé leis an mBéarla agus an Gaeilge ach rinne ár n-aoichainteoirí éacht freisin a bheith soiléir, agus táim buíoch díobh.

Tá ceist dheireanach agam. Tá 250 comhalta foirne sa Roinn agus tá seisear le Gaeilge. Is céatadán an-íseal é sin. Dúirt ionadaithe na Roinne linn go bhfuil fostaithe éagsúla ag freastal ar ranganna Gaeilge. Is maith dearfa an rud é sin ach tá i bhfad níos mó ag teastáil ionas go mbeidh tuiscint dhomhain ag an Roinn faoi chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge, go háirithe mar go bhfuil cearta bunúsacha i gceist anseo, ó thaobh tuismitheoirí agus gasúr. De réir mar a thuigim, tá an Rialtas ar tí an Bille nua a fhoilsiú maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Má ghlacann an Dáil leis an mBille nua nuair atá sé foilsithe, beidh dualgais i bhfad níos tromchúisí ar an Roinn ó thaobh líon na bhfostaithe a mbeidh Gaeilge acu. Tá sé tábhachtach go mbeidh an Roinn á réiteach féin don am sin. Tá sé ag teacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.